10 bPost Nua á gcruthú ag Putóg Teo i nGaeltacht Bhaile Bhuirne, Co. Chorcaí

21 Meitheamh, 2012

nóiméad léite

Sheol Putóg Teo, comhlacht nua a tháirgeann agus a sholáthraíonn táirgí muiceola don mhargadh miondíola faoin bhranda De Róiste, a gcuid táirgí go hoifigiúil inniu (21 Meitheamh) ag ócáid ina n-aonad táirgeachta ar Eastáit Tionscail Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí.

Thosaigh an comhlacht ag táirgeadh cheithre mhí ó shin agus tá a gcuid táirgí ar fáil i siopaí móra náisiúnta ar nós Supervalu agus Centra chomh maith le siopaí áitiúla. Tá an branda De Róiste bunaithe ar thraidisiún teaghlaigh comhcheangailte le heolas praiticiúil ar tháirgeadh bia.

Dúirt Jimmy Allen, stiúrthóir Putóg Teo “Déanann muid ár bputóga dubha agus bána ag úsáid oidis teaghlaigh a chuaigh ó ghlúin go glúin. Tá an t-ábhar a úsáideann muid 100% nádúrtha agus faighte ó sholáthraithe áitiúla. Faoi láthair, tá muid ag cur lenár líon táirgí agus creideann muid go n-éireoidh go maith leo.”

Bhí an cócaire cáiliúil agus úinéir na Scoile Cócaireachta Ballymaloe, Darina Allen, i láthair ag an seoladh oifigiúil. Deirtear go bhfuil an-spéis aici i dtáirgí De Róiste. Thug sí 60 cócaire a bhí ag freastail ar Scoil Chócaireachta Ballymaloe chuig an seoladh leis an phróiseas táirgeachta a fheiceáil.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta go raibh áthas ar an Údarás tacú le Putóg Teo agus chuir sé fáilte roimh an 10 bpost nua a chruthófar dá bharr i mBaile Bhuirne. “Tá fiontraithe nua tagtha chun cinn de bharr fás san earnáil ceardaithe bia. Tá siad ag freastal ar éileamh ó chustaiméirí ar mhaith leo táirgí bia áitiúla a bheadh lámhcheardaithe. Aithníonn an tÚdarás go bhfuil féidearthachtaí fáis san earnáil nideoige bia seo agus go bhfuil fócas faoi leith ar tháirgí breisluacha, nuálach agus atá bunaithe ar éileamh ón mhargadh. Tá tionscal an bhia iontach láidir sa Ghaeltacht agus tá cuid de na brandaí is aitheanta sa tír lonnaithe ann. Déanaim comhghairdeas leis na stiúrthóirí, Jimmy Allen agus Anthony Staunton ar an dul chun cinn atá á dhéanamh acu leis an ghnó seo agus forbairt na dtáirgí nua atá beartaithe acu sa todhchaí.”

Dúirt Anthony Staunton, stiúrthóir Putóg Teo., “Tá custaiméirí an lae inniu ag lorg táirgí bia nádúrtha, áitiúil agus ar féidir a fhoinse a chinntiú. Comhlíonann táirgí De Róiste an chritéir sin. Creideann muid i gcabhrú le táirgeoirí áitiúla.”