Forbairt fógartha ag Fónta Teo i nGaeltacht na nDéise

28 Márta, 2012

nóiméad léite

D’fhógair Fónta Teo inniu (28 Márta), comhlacht a sholáthraíonn gléasra, páirteanna agus sreang do ghreim-mheaisíní, go bhfuil forbairt beartaithe aige in An Sean Phobal i nGaeltacht na nDéise. Méadaíodh foireann Fónta Teo ó bheirt go seachtar le déanaí agus tá breis forbairtí beartaithe ag an chomhlacht dá ghnó sa Ghaeltacht ansin.

Soláthraíonn Fónta Teo sain-pháirteanna greime do dhéantúsóirí meaisíní, comhlachtaí priontála agus ceanglóirí leabhar ar fud na hEorpa, an Meánoirthear, an Afraic agus an India. Tá Fónta Teo ina shaineolaí aitheanta i dteicneolaíocht ghreime ar ardluas agus oibríonn sé le déantúsóirí meaisíní, díoltóirí agus úsáideoirí deiridh i dtionscail phriontála, pacáistíochta agus ceangal tionsclaíoch. Is easpórtáil atá in 90% dá ghnó agus tá foireann ag an chomhlacht ina oifig i gCaireo san Éigipt. Tá an gnó ag trádáil faoi na hainmneacha Deluxe Stitcher International (mórdhíol), Binderee.com (miondíol) agus WCJ Worldwide (díolacháin sreinge).
Bunaíodh Fónta Teo i 2004 agus le tamall anuas tá méadú mór tagtha ar éileamh a tháirgí agus a sheirbhísí ó chomhlachtaí priontála san Afraic, san Áise agus sa Rúis. Is de bharr an éilimh seo atá gá leis an ghnó a fhorbairt agus réimse níos leithne de tháirgí agus sain-sheirbhís a chur ar fáil.

Dúirt John Finn, stiúrthóir Fónta Teo, agus é ag fógairt pleananna forbartha, “Leis an ngnó ag dul i méid, bhí áitreabh níos mó de dhíth orainn a chabhróidh linn forbairt. Chuaigh muid chuig Údarás na Gaeltachta a thug an foirgneamh nua dúinn ar Pháirc Tionsclaíochta Údarás na Gaeltachta in An Sean Phobal. Tugann an foirgneamh nua seo deis dúinn díriú ar fhorbairt ár ngnó. Ba mhaith linn ár gcuid seirbhísí a leathnú agus ár réimse táirgí a mhéadú. Tá roinnt táirgí nua beartaithe againn agus chomh maith le sin tá muid anois in ann seirbhís cothabhála agus deisiúcháin a chur ar fáil. Tá lúcháir orainn a bheith in ann réimse táirgí d’ardchaighdeáin a chur ar fáil chomh maith le seirbhís freagartha sciobtha dár gcustaiméirí Éireannacha ag praghsanna iomaíocha. Tá áthas orainn faoin leathnú anseo in An Sean Phobal agus cothóidh an fhorbairt seo an comhlacht don todhchaí agus muid ag forbairt táirgí nua agus ag cur seirbhíse ardleibhéil ar fáil dár gcustaiméirí éagsúla.”

Chuir Fiachra Ó Céilleachair, ball de bhord Údarás na Gaeltachta, fáilte roimh an fhógairt, “Tá lúcháir ar an Údarás le Fónta Teo agus cuireann muid fáilte roimh phlean forbartha an chomhlachta sa tSean Phobal. Is sampla eile é seo den chaoi a thacaíonn an tÚdarás le gnóthaí le cuidiú leo forbairt agus leathnú, rud a chruthaíonn fostaíocht inbhuanaithe i gceantair tuaithe.”