11 Post nua do Ghaeltacht Chorcaí – Grúpa DGP INTELSIUS ag leathnú go Baile Bhuirne, Co. Chorcaí

17 Bealtaine, 2011

nóiméad léite

D’fhógair Grúpa DGP INTELSIUS inniu go mbeidh sé ag bunadh gnó nua ar Pháirc Ghnó Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí agus go mbeidh 11 post nua á gcruthú dá bharr. Táirgíonn agus dáileann an Grúpa INTELSIUS córas réitigh phacáistíochta atá teochtrialaithe, sábháilte agus slán ó dhrochthionchar ar an timpeallacht. Cuirfidh an comhlacht nua, DGP INTELSIUS Teo, ar chumas an Ghrúpa INTELSIUS freastal ar an éileamh ón earnáil eolaíocht bheatha ar chórais phacáistíochta teochtrialaithe agus iompar samplach sa réigiún sin.

Dúirt Séan Ó Labhraí, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go bhfuil lúcháir air gur féidir le hÚdarás na Gaeltachta tacú agus éascú le pleananna forbarthaan Ghrúpa DGP INTELSIUS go hÉirinn agus chuir sé fáilte roimh an 11 post nua a chruthófar dá bharr. “Tá an Grúpa INTELSIUS chun tosaigh ó thaobh táirgí nuálaíochta agus bhí riachtanais an chomhlachta soiléir ón tús – foireann ard-oilte agus ionad gnó d’fhiontar speisialaithe, agus tá áthas orm go raibh an tÚdarás in ann a leithéid d’ionad a chur ar fáil ar Pháirc Ghnó an Údaráis i mBaile Bhuirne.”

Dúirt David Walsh, bunaitheoir agus príomhfheidhmeanach INTELSIUS, “Is margadh straitéiseach í Éirinn d’INTELSIUS agus cuirfidh an forbairt nua seo ar chumas an Ghrúpa ár dtáirgí agus ár dteicneolaíocht a fhás sa mhargadh seo agus cinnteoidh sé go mbeidh DGP INTELSIUS Teo i lár an mhargaidh le hionchais ár gcliant in Éirinn a shárú.”

Beidh an comhlacht ag cur tús le hearcaíocht láithreach agus beidh sé ag soláthar a réitigh phacáistíochta don earnáil eolaíocht bheatha ón mhí seo chugainn ar aghaidh.