Rian Ceardaíochta do Ghaeltacht Chonamara Seolta

28 Aibreán, 2011

nóiméad léite

Rinne Páraic Breathnach, Bainisteoir Ionad Ealaíon na Gaillimhe, eolas agus bróisiúr faoi rian ceardaíochta Ghaeltacht Chonamara a sheoladh tráthnóna inniu (28 Aibreán) i gCeardlann an Spidéil.

Is é Údarás na Gaeltachta i gcomhar le ceardaithe as Gaeltacht Chonamara agus Árann a rinne an rian ceardaíochta a fhorbairt mar cheiliúradh ar Bhliain na Ceardaíochta atá ar siúl i mbliana. Téann an rian ceardaíochta, ina bhfuil os cionn tríocha ceardaí ar fud Ghaeltacht Chonamara agus Árann páirteach, ar fud cheantar Chonamara ag tosú sa Spidéal agus ag dul go Carna, go dtí an Fháirche, go Maigh Cuilinn agus oileáin Árann . Tá bróisiúr eolais agus mapa tarraingteach maidir leis an rian ceardaíochta forbartha ag an Údarás agus beidh sé á chur ar fáil do thurasóirí, do chuairteoirí agus d’aon duine gur suim leo é, san oifig turasóireachta i nGaillimh agus sna hoifigí turasóireachta ar fud an chontae.

Dúirt Páraic Breathnach “Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil turasóirí, cuairteoirí agus fiú pobal na háite in ann teacht ar eolas faoi na haonaid agus na háiseanna ceardaíochta atá ar fud Ghaeltacht Chonamara ar bhealach atá simplí, tarraingteach agus úsáideach. Molaim go mór an obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta as an slí cheardaíochta seo a fhorbairt agus ardán a thabhairt do cheardaithe na Gaeltachta.”

Thug Máirtín Ó Conghaile, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta le fios go mbeidh eolas faoin rian ceardaíochta ar fáil ar shuíomh idirlín Fáilte Éireann www.discoverireland.com/connemara agus ar shuíomh www.gaelsaoire.ie chomh maith. Tá straitéis margaíochta á fhorbairt ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do rian ceardaíochta don chontae ina iomláine agus beidh rian na Gaeltachta san áireamh sa togra seo.