Taifead déanta ar shraith nua teilifíse do pháistí i Stiúideo Scannánaíochta i gConamara

10 Aibreán, 2011

nóiméad léite

Is i Studio Solas, stiúideo teilifíse agus scannánaíochta atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara a taifeadadh an tsraith nua teilifíse do pháistí. Craolfar an chéad chlár sa tsraith an tseachtain seo, ar ITV na bpáistí (11 Aibreán).

Is sraith siamsaíochta de thríocha clár é Annabels Kitchen, bunaithe ar chocaireacht le páistí agus is í Annabel Karmel, an saineolaí clúiteach idirnáisiúnta agus údar ar leabhair bhia agus ar chothú páistí, atá mar láithreoir. Agus iarracht á dhéanamh aici dul i ngleic leis na saincheisteanna a bhíonn ag páistí maidir le bia, múineann Annabel agus dhá phuipéad do na páistí faoi bhia agus cad a tharlaíonn sa chistin. Ba chomhléiriú idir Telegael, Future Films (UK) agus Baker Productions (UK) a bhí sa tsraith.

Tá an clár suite i gcistin ghalánta Annabel atá thuas in áiléar, agus a tógadh go speisialta i Studio Solas, áis inar féidir coincheap a fhorbairt agus a chuireann seirbhísí léirithe agus iarléirithe ar fáil do thionscadail scannánaíochta agus teilifíse. Tosaíodh ag léiriú na sraithe teilifíse, ina bhfuil 30 clár atá 11 nóiméad ar fhad, i mí Eanáir agus ghlac an taifeadadh, ar a raibh criú de 55, cúig seachtaine.

Dúirt John Brady, Príomhfheidhmeannach Studio Solas “bhíomar ríméadach nuair a tháinig Future Films chugainn leis an tsraith seo a léiriú. Cuireann Studio Solas i gcomhar le Telegael, láthair gnó ar fáil do thionscadail scannánaíochta agus teilifíse ó stáid an choincheapa go dtí an stáid iarléirithe. Cuireann Annabels Kitchen go mór lenár liosta de léiriúcháin idirnáisiúnta agus náisiúnta, ar a n-áirítear drámaíocht a bhuaigh duaiseanna, cláir fhaisnéise bheoghnímh agus príomhscannáin, iad go léir léirithe sa stiúideo anseo in Iarthar na hÉireann. Creidimid go láidir go n-osclóidh tionscadail mar seo an doras do léirithe comhchosúla eile le teacht chun taifid i gConamara”.

Is í Gaeltacht na Gaillimhe an bhunáit léirithe teilifíse is mó taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Dúirt Seán Ó Labhraí, Príomhfheidhmeannach Gníomhach Údarás na Gaeltachta, a thacaigh le forbairt na hearnála seo i gConamara go bhfuil “an earnáil chlosamhairc agus léirithe teilifíse atá bunaithe sa Ghaeltacht ag cur níos mó agus níos mó le heacnamaíocht na hÉireann, ag soláthar deiseanna iontacha fáis sna margaí easpórtála agus tá sé mar fhostóir tábhachtach ag cur 350 post lán-aimseartha ar fáil sa Ghaeltacht. Tá an leibhéal forbartha, an caighdeán ard scileanna agus an taithí atá bainte amach san earnáil seo i gConamara, a d’fhás ar dtús mar thoradh ar bhunú TG4, ag cabhrú leis na comhlachtaí iad féin a chur i lár an mhargaidh agus ag ligean dóibh dul in iomaíocht go héifeachtach sa mhargadh léirithe meán domhanda.