Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí

8 Aibreán, 2011

nóiméad léite

Ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí inniu (8 Aibreán) pléadh na céimeanna atá á nglacadh ag an Bhord agus ag an eagraíocht chun a threisiú ar an Rialtas an tábhacht atá le cúramaí fiontraíochta a fhágáil ag an Údarás chun fostaíocht a chur chun cinn sa Ghaeltacht.

Thug Cathaoirleach an Údaráis, Liam Ó Cuinneagáin le fios gur chas sé féin agus an Príomhfheidhmeannach, Seán Ó Labhraí, le Aire Stáit na Roinne Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., le riachtanais an Údaráis ó thaobh cruthú fostaíochta a léiriú agus cóip de thuarascáil eacnamaíochta INDECON a bhronnadh air.

Léiríonn an tuarascáil, a rinne na comhairleoirí idirnáisiúnta eacnamaíochta INDECON, an tionchar suntasach atá ag cliant-chomhlachtaí an Údaráis ar eacnamaíocht na tíre, ina measc:

  • os cionn 7,000 duine fostaithe go lánaimseartha;
  • €734m ranníocaíochtaí i ndíolacháin chuig eacnamaíocht na tíre;
  • €197.6m ranníoctha chuig eacnamaíocht na tíre i bpárolla;
  • €42.2m aisíoctha i gcáin chuig an Státchiste go bliantúil.

Thug an tAire Mac Fhionnlaoich le fios go raibh sé chun staidéar a dhéanamh ar an eolas a cuireadh ina láthair agus go mbeadh sé ag casadh le Bord an Údaráis i mí Meitheamh le tuilleadh plé a dhéanamh ar an ábhar.