Duaiseanna réigúnacha do Chonnacht/Laighean sa chomórtas “An Baile Beo” bronnta

13 Bealtaine, 2009

nóiméad léite

Bronnadh na duaiseanna réigiúnacha do Chonnacht/Laighean sa chomórtas “An Baile Beo” ag ócáid in Óstán Chósta Chonamara, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe (8.00i.n. Dé Céadaoin 13 Bealtaine). Is é Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, a bhronn na duaiseanna.

Roinneadh an duaischiste mar seo a leanas:

Rannóg na nEagrais Phobail

  • An Príomh Dhuais – Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Eachléim €3,000
  • Duais Contae – Comhlacht Forbartha an Spidéil €1,500
  • Duais Contae – Comhlacht Forbartha Áitiúil Acla €1,500
  • Duais Contae – Comharchumann Ráth Chairn Teo €1,500

Rannóg na gCoistí Deonacha

  • An Príomh Dhuais – Coiste Pobail Tuar Mhic Éadaigh €3,000
  • Duais Aitheantais – Coiste Pobail Ros Muc €1,500

Tá sé mar aidhm ag “An Baile Beo”, íomhá Ghaelach a shaibhriú sa Ghaeltacht. Ní hamháin go mbeidh an teanga le cluinstin i mbailte Gaeltachta ach go mbeidh an teanga bréa feicéalach iontu agus go mbeidh a fhios ag cuairteoirí agus ag lucht turasóireachta go bhfuil siad i gceantar faoi leith nuair a thugann siad cuairt ar cheantar Gaeltachta.

Is é Údarás na Gaeltachta, urraí an chomórtais i gcomhar le Comhairle Contae na Gaillimhe, Comhairle Contae Mhaigh Eo agus Comhairle Contae na Mí. Tugann na duaiseanna seo aitheantas do choistí a d’fhorbair agus a neartaigh an bonneagar teanga agus an turasóireacht chultúrtha ina gceantar féin