Cruinniú de Choiste Réigiún Chonnacht Laighean

11 Márta, 2009

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean in Óstán Bhaile Chláir na Gaillimhe ar 10 Márta 2009.

Chas an Coiste Réigiúnach le toscaireacht ó Choiste Pobail an Chaisleáin Gearr agus pléadh na pleananna atá ag an gCoiste sin leis an traidisiún béaloidis atá sa phobal a sheachadadh ó ghlúin go glúin trí mheán scannán DVD a fháil déanta.

Ceadaíodh cúnamh do bhreis agus scór togra éagsúil. San áireamh anseo tá na tograí seo leanas:
■Lasta Mara Teo a bhfuil spás stórála agus oifigí á sholáthar dó ag Ros an Mhíl agus a bheidh ag soláthar seirbhísí iompar lasta go hÁrainn go luath. Beidh 11 duine fostaithe go lánaimseartha ag an gcomhlacht i Ros an Mhíl;
■Gnó déantús cáise atá beartaithe a bhunú ar Inis Mór agus a bhfuil na príomhaithe i mbun staidéar féidearthachta i dtaca leis;
■Dúlra Iorrais Teo i gCuan Oiligh in Iorras atá ag reáchtáil turais báid dírithe ar an dúlra áitiúil;
■Gnó déantús táirgí adhmaid atá le bunú in Acaill agus a chruthóidh cheithre phost lánaimseartha: