Cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean

1 Deireadh Fómhair, 2008

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean in Óstán Acla, Acaill, ar 30 Meán Fómhair 2008. Chas an coiste le toscaireacht ó Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla agus pléadh cúrsaí fostaíochta ar an oileán mar aon le staid reatha thogra na Mainistreach.

I dtaca le cúrsaí fostaíochta, cuireadh in iúl go raibh gach iarracht á dhéanamh ag an Údarás togra ionaid a aimsiú do Theagmháil Acla, comhlacht a d’imigh as gnó ag tús na bliana. I dteannta leis sin leanfar ar aghaidh ag spreagadh gnóthaí in earnálacha eile a raibh buntáistí áitiúla acu.

Bhí an tÚdarás réamhghníomhach ag spreagadh na bpáirtithe áitiúla maidir le forbairt raon tograí agus seirbhísí ar shean suíomh na Mainistreach ag Bun an Churraigh. Le hathbhunú Chomharchumann Forbartha Acla Teo, bhíothas dóchasach go dtógfaí na céimeanna tábhachtacha dlíthiúla go luath maidir le haistriú na talún.

Ceadaíodh cúnamh deontais ag an gcruinniú do shraith tograí faoin Scéim do Phobail Chois Cósta agus do Scéimeanna Sóisialta Tuaithe. I dteannta leis sin ceadaíodh cúnamh do chomhlacht (Global Material Recycling) le staidéar a dhéanamh ar na deiseanna maidir le gnó athchúrsála earraí leictreonach a bhunú i mBaile Ghib, Co. na Mí.

Aontaíodh go dtionólfaí an chéad chruinniú eile den Choiste Réigiúnach i gCeathrú Thaidhg ar 23 Deireadh Fómhair 2008.