Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall.

30 Bealtaine, 2008

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta in oifigí Fhoras Chultúr Uladh i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall inniu (30 Bealtaine).

Rinne an tÚdarás athbhreithniú ar pholasaí na heagraíochta i leith na n-oileán Gaeltachta agus ghlac an bord leis ag an chruinniú. Díríonn an polasaí oileánda ar scéimeanna agus tionscnaimh thacaíochta a chur ar fáil le fostaíocht agus fiontraíocht a spreagadh agus a chur chun cinn ar an hoileáin Ghaeltachta.

Ag an chruinniú cuireadh in iúl don bhord go bhfuil buiséad €2 mhilliún a chaitheamh anois ar scéim dheontais reáchtála na gcomharchumann agus na gcomhlachtaí pobalbhunaithe. Cuireadh in iúl chomh maith go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an Údarás i gcomhar le ICOS, scáth eagraíocht náisiúnta na gcomharchumann, ar rialacha na gcomharchumann seanbhunaithe chun iad a thabhairt suas go dáta. Tá lámhleabhar nua feidhmiúcháin agus clár oiliúna á chur ar fáil agus tá tús curtha cheana féin leis na ceardlanna oibre le hoiliúint a chur ar fáil do bhainisteoirí agus do bhainisteoirí cúnta na gcomharchumann faoin ábhar seo.