Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i mBaile an Dhuinn, Clochán Bhréanainn, Co. Chiarraí

2 Bealtaine, 2008

nóiméad léite

Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta a tionóladh i Halla le Chéile i gClochán Bhréanainn inniu (2 Bealtaine) ceadaíodh dhá scéim a bhaineann le iascaireacht cois cósta.

Ceadaíodh scéim phíolótach v-eangú gliomaigh chomh maith le scéim feasachta gliomaigh a chur i bhfeidhm ar na hOileáin Ghaeltachta. Tá an scéim v-eangú gliomaigh bunaithe ar scéim v-eangú a mhol an comhalta Cathy Ní Ghoill do na hOileáin Ghaeltachta ag cruinniú de Bhord an Údaráis le gairid. Beidh deontas 50% (an ceann) ar fáil do rannpháirtithe na scéime. Lena chois sin, aontaíodh comhaoiniú a dhéanamh i gcuideachta le BIM le scéim feasachta iascaigh cois cósta a chur i bhfeidhm. Tá an scéim seo dírithe ar dea-bhainistíocht a dhéanamh ar iascaireacht cois cósta agus mionsonraí eolaíochta, timpeallachta agus eacnamaíochta a bhailiú agus a chur ar fáil don Údarás agus do BIM.

Thug Bord an Údaráis le fios do Chomharchumann Forbartha an Leith Trúigh go mbeadh iarratas pleanála imlíneach á dhéanamh acu chuig Comhairle Chontae Chiarraí i gceann coicíse le Páirc Ghnó a fhorbairt sa Chlochán ina mbeidh áis phobail, áis fhiontraíochta le 4-5 aonad fiontraíochta agus spás oifige/teicneolaíochta. Beifear ag lorg cead ar dtús chun an spás oifige/teicneolaíochta a fhorbairt mar chéad chéim.