Ag cothú na Fiontraíochta i nGaeltacht Dhún na nGall

30 Aibreán, 2008

nóiméad léite

Bhronn Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, duaiseanna ar bhuaiteoirí Dhún na nGall i gComórtas Fiontraíochta na Scoileanna 2007– 2008, ag ócáid a bhí ar siúl in Ionad Pádraig, Dobhar, 30 Aibreán 2008.

D’eagraigh Údarás na Gaeltachta an comórtas seo ar mhaithe le spiorad na fiontraíochta a chothú i measc daltaí iar-bhunscoile. Dúirt an Phríomhfheidhmeannach ag an ócáid “tugann an comórtas seo deis do na scoláirí tuiscint níos fearr a fháil ar cad é go díreach atá i gceist le gnó a bhunú. Tá súil againn go dtabharfaidh an comórtas reamhfhiontraíochta seo inspioráid do chuid de na hiar-bhunscoláirí a ghlac páirt sa chomórtas dúl ar aghaidh agus a ngnólachtaí féin a bhunadh amach anseo”. Ba iad seo leanas buaiteoirí an chomórtais:

An chéad áit: Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Mhóir, An Ghaeltacht Lár

Ba iad Pobalscoil na Rosann, a fuair an dara háit lena dtionscnamh Folkleabhar agus roinneadh an tríú duais ar dhá scoil, Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Pobalscoil Chloich Chionnaola. Ghlac sé iar-bhunscoileanna páirt sa chomórtas agus chuir siad seacht dtionscnamh fiontraíochta le chéile.