€220,000 Bronnta ag Ealaín na Gaeltachta Teo

20 Márta, 2008

nóiméad léite

Tá sonraí na n-iarratasóirí ar éirí leo faoi Scéim Fhorbairt na nEalaíon 2008 fógartha ag Ealaín na Gaeltachta Teo. Tá an scéim maoinithe seo dírithe ar thionscnaimh faoi stiúir ealaíontóirí, ar chleachtas chomhoibritheach agus ar imeachtaí ealaíon sna gnéithe uile ealaíona dúchasacha agus comhaimseartha. Tá €220,000 bronnta i mbliana ar 31 tionscnamh ar fud na Gaeltachta.

As na 31 ar bronnadh maoiniú orthu, bhí 10 n-iarratasóir nua. Ag caint dó faoin scéim, dúirt Louis de Paor, Stiúrthóir Ealaín na Gaeltachta Teo:

“Tá ról tábhachtach le himirt ag ealaíontóirí i saol na Gaeltachta agus go deimhin tá ról tábhachtach le himirt ag ealaíontóirí Gaeltachta i saol ealaíne na tíre seo. Cinnteoidh an tacaíocht seo go mbainfear leas iomlán as na healaíona chun saol cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch na Gaeltachta a shaibhriú. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na dtionscnamh ealaíon a chuirtear ar bun sa Ghaeltacht ó bunaíodh an pháirtnéireacht idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon deich mbliana ó shin. Feicfear torthaí na páirtnéireachta arís i mbliana i stiúideonna, in amharclanna, i seomraí scoile agus i hallaí bhailte beaga na Gaeltachta.”

I measc na n-iarratas ar ceadaíodh tacaíocht dóibh, bhain ceithre cinn le tionscnaimh cheoil, 2 le litríocht, 14 leis na dearc ealaíon, 7 le drámaíocht (beirt acu sin le drámaíocht sráide), agus 3 le tionscnamh idirdhisciplíneach.

Beidh Ealaín na Gaeltachta ag fógairt na scéime seo arís roimh dheireadh na bliana.