Gradam bainte amach ag Údarás na Gaeltachta don suíomh idirlín Gaeilge is fearr

22 Feabhra, 2008

nóiméad léite

Bronnadh Gradam E-Rialtas ar Údarás na Gaeltachta don suíomh idirlín Gaeilge is fearr ag ócáid a bhí ar siúl in Óstán an Four Seasons i mBaile Átha Cliath Déardaoin seo caite (21 Feabhra).

Fuair an tÚdarás an chéad áit sa chatagóir GAEILGE don suíomh idirlíon www.udaras.ie. Tugann an catagóir seo aitheantas do eagraíochtaí san earnáil phoiblí atá ag cur seirbhís Gaeilge ar fáil tríd an idirlíon ar bhealach tarraingteach, éifeachtach agus nuálaíoch.

Agus an gradam a bhronnadh uirthi, dúirt Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta go “léiríonn an gradam seo an tábhacht atá le seirbhís ar-líne tarraingteach a chur ar fáil don phobal i nGaeilge. Tá gá le deá-chleachtais nuair atá seirbhís trí Ghaeilge a sholáthair agus léiríonn www.udaras.ie gur féidir é seo an dhéanamh ar bhealach atá éifeachtach, furasta agus soiléir don úsáideoir agus a spreagann gnó ar líne leis an Údarás.”

Bhí an catagóir Gaeilge urraithe ag Foras na Gaeilge agus is é an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Éamonn Ryan a bhronn na Gradaim ar an oíche.