Straitéis Nua don Tionscal Biamara – Deiseanna agus dúshláin don tionscal sa Ghaeltacht

8 Lúnasa, 2007

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an straitéis nua don tionscal biamara a d’fhógair An Taoiseach agus an An tAire Cumarsáide, Mara, agus Acmhainní Nádúrtha inné.

Tá buiséad substaintiúil €334m luaite leis an straitéis don tréimhse sé bliana go 2013 chomh maith le €40m do chómhaoiniú ó Fhiontraíocht Éireann agus Údarás na Gaeltachta don réimse Taighde agus Forbartha. Tá deiseanna agus dúshláin sa straitéis nua seo do thionscal an uisceshaothraithe agus na próiseála biamara sa Ghaeltacht agus tá an tÚdarás réidh le dul i mbun oibre le Bord Iascaigh Mhara, Fiontraíocht Éireann agus ionadaithe an tionscail sliogéisc, próiseála agus uisceshaothraithe sa Ghaeltacht chun an tairbhe is fearr is féidir a bhaint as cur i bhfeidhm na straitéise nua seo.