Cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nGort an Choirce, Co. Dhún na nGall

27 Iúil, 2007

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta i nGort an Choirce, Co. Dhún na nGall inniu (27 Iúil 2007). Ag an chruinniú sin ceadaíodh 170 post nua i réimsí tionscadal ar fud na Gaeltachta. San áireamh sna tograí go léir a ceadaíodh bhí infheistíocht iomlán de €17 milliún idir infheistíocht chaipitil, taighde agus forbartha, oiliúna agus fhostaíochta agus forbairtí maoine.

Ceadaíodh na tograí seo a leanas:

Clár Forbartha Fuinneamh In-athnuaite
Ceadaíodh soláthar airgid de €362,250 chun tacú leis an Údarás clár oibre dírithe ar fhorbairt fuinneamh inbhuanaithe agus in-athnuaite a chur chun cinn ar fud na Gaeltachta thar tréimhse 3 bliana. Mar chuid den chlár díreofar ar chaighdeáin éifeachtacha úsáide fuinnimh a bhaint amach in áitribh de chuid an Údaráis, ar fhorbairt thionscadail fhuinnimh i gcomhar le cliant-chomhlachtaí an Údaráis agus go háitiúil tríd na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe.

Largo Foods, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh deontas taighde agus forbartha do Largo Foods le cuidiú leis an chomhlacht táirgí nua a fhorbairt dá chomhlachtaí atá lonnaithe ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair; Bia Ghaoth Dobhair, Bia Ghaoth Barra agus Pita Éireann. Tá an taighde dírithe ar tháirgí nua, táirgí breisluacha, smailceanna sláintiúla, agus próiseas nua déantúsaíochta agus pacála a fhorbairt.

Darní Ceard Teoranta, Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta do Darní Ceard Teoranta le cuidiú leis an chomhlacht a ghnó déantús éadaigh a fhorbairt, an foirgneamh ina bhfuil sé a athchóiriú agus díriú ar thogra turasóireachta a chur chun cinn.

Selc Éireann Teo, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta do Selc Éireann Teo le tacú leis an chomhlacht an gnó a leathnú agus a fhorbairt. Táirgeann an comhlacht gléasanna leictreonacha smachtú solais. Táthar ag súil go mbeidh 149 fostaithe sa ghnó nuair atá an fhorbairt nua curtha i gcrích (87 post breise).

Real Rock Solid Systems Ltd, Baile an tSagairt, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta do Real Rock Solid Systems Ltd le cuidiú leis an chomhlacht gnó nua seirbhísí bainistiú agus athshlánú eolas digiteach a chur ar fáil. Tá an gnó le lonnú i dTeach an Mhainéara i mBaile an tSagairt. Táthar ag súil go mbeidh 30 duine fostaithe ag an chomhlacht agus é faoi lán tseoil.

Micro Múnlaí na hÉireann Teo, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh pacáiste tacaíochta do Micro Múnlaí na hÉireann Teo atá lonnaithe sna hAille, Indreabhán le forbairt shuntasach a dhéanamh agus athrú treo straitéiseach a ghlacadh. Díreofar ar micreatháirgí plaisteach, táirgí nua agus seirbhísí do chomhlachtaí leighis agus leictreonach idirnáisiúnta. Táthar ag súil go gcruthófar 16 post breise de bharr na forbartha seo.

Ionad Fiontraíochta Ros Muc, Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Ceadaíodh soláthar caipitil de €1.7 le hathchóiriú agus leathnúchán a dhéanamh ar Ionad Fiontraíochta Ros Muc. Tá sé i gceist an foirgneamh a uasghrádú go hard-chaighdeán oifige ina mbeidh spás á chur ar fáil do Chumas Teo, Pléaráca Teo, MFG Teo (atá beartaithe bogadh go Ros Muc mar chuid den phróiseas comhtháthaithe atá á phlé), agus spás do thograí nua. Beidh áit sa leathnúchán fosta do leabharlann agus caifé.

Irish Rope Access and Safety Consultants Ltd, Baile na Buaile, Co. Chiarraí
Ceadaíodh deontas oiliúna don chomhlacht le tacú leo clár oiliúna a chur i bhfeidhm. Cuireann an comhlacht seo seirbhís chomhairleoireachta ar fáil do chomhlachtaí agus d’eagraíochta a bhíonn ag obair in áiteanna ard os cionn talamh agus cuireann an chomhlacht cúrsaí traenála ar fáil d’eagrais Stáit agus don earnáil phoiblí.