Silcotec Teo, An Cheathrú Rua

28 Meitheamh, 2007

nóiméad léite

Is cúis aiféala dúinn go bhfuil cinneadh déanta ag Silcotec Teo éirí as táirgíocht sa mhonarcha atá acu ar an gCeathrú Rua roimh dheireadh na bliana seo.

Rinne an comhlacht an cinneadh seo de bharr an ghéar-iomaíocht sa mhargadh, go speisialta ó thíortha ísealchostas in oirthear an domhain.

Tá an tÚdarás i mbun cainteanna ar bhun leanúnach leis an chomhlacht agus beidh gach iarracht á dhéanamh tacú leis an gcomhlacht a n-acmhainneacht díolacháin a uasmhéadú agus na fostaithe atá le fanacht sa ghnó a choinneáil ar bhun seasmhach. Lena chois sin, beidh an tÚdarás ag treisiú ar a chuid iarrachtaí tograí fostaíochta eile a mhealladh chuig an cheantar.

Beidh socruithe á ndéanamh leis na h-oibrithe a ligfear chun bealaigh clárú leis an Údarás má tá suim acu i ndeiseanna fostaíochta eile sa cheantar. Cuirfear eolas ar fáil dóibh freisin faoi scéimeanna tacaíochta atá ar fáil le freastal ar chúrsaí oiliúna le scileanna nua a fhoghlaim a d’fheabhsódh a ndeiseanna fostaíochta.