Coiste Réigiúin Chonnacht/Laighean

25 Meitheamh, 2007

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht/Laighean in Óstán Darnley Lodge, Baile Átha Buí, Co. na Mí ar 22 Meitheamh 2007. Chas an coiste le toscaireachtaí ó Chomharchumann Ráth Cairn Teo agus ó Chomhlacht Forbartha Bhaile Ghib Teo agus pléadh na hábhair seo a leanas:

    • An dul chun cinn ar na pleananna chun méadú a chur ar an Ionad Fiontair i Ráth Cairn.
    • Moltaí an chomharchumainn maidir le forbairt a dhéanamh ar a cheannáras.
    • Easnaimh i seirbhís leathanbhanda an cheantair.
    • Togra an bháid seoil.
    • Seirbhísí naíonra i mBaile Ghib.
    • Forbairt tograí turasóireachta i mBaile Ghib/Ráth Cairn.
    • Suíomh do pháirc spraoi i mBaile Ghib.

Pléadh sé thogra dhéag éagsúil ag cruinniú an Choiste Réigiúnaigh. I measc na dtograí éagsúla tá na cinn seo a leanas:

  • Togra taighde agus forbartha a bheidh dírithe ar tháirgí déanta as craiceann bradán a tháirgeadh i Ros an Mhíl.
  • Ionad Cultúir agus Dearadh an Fháirche Teo atá ag bunú ionad cultúrtha sa séipeal Protastúnach ar an bhFáirche.
  • Ceol Nua Stiúideo Teo atá ag dul i mbun seirbhís taifeadadh agus léiriúcháin ceoil sa Spidéal.
  • Togra comhpháirtíochta idir an tÚdarás, Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus luacht gnó i mBaile an Mhuirthead le scéim nua éadan siopaí Gaeilge a fhorbairt ansin.

Tionólfar an chéad chruinniú eile den Choiste Réigiúnach ar Inis Oírr ar 31 Iúil 2007.