Coiste Réigiúin Chonnacht Laighean

25 Aibreán, 2007

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean in ionad saoire ‘Cnoc Suain’, An Spidéal, ar an 24ú Aibreán 2007. Thug úinéirí an tionscnaimh, Dearbhail Standún agus Charlie Troy, mioneolas don Choiste maidir lena gcuid pleananna forbairt a dhéanamh ar ‘Cnoc Suain’ mar ionad suntasach oidhreachta agus cultúrtha.

Chas an Coiste Réigiúnach le toscaireacht ó Chomhairle Pobail an Spidéil agus pléadh na hábhair seo leanas:

    • An bóthar nua atá molta le tógáil ó Ghaillimh go Scríb agus an tionchur a d’fhéadfadh a bheith aige ar chúrsaí pleanála i gceantar an Spidéil.
    • Na réamhphleananna atá á phlé idir an Chomhairle Chontae, An Comhairle Pobail agus an tÚdarás maidir le forbairt áiseanna breise ag an Leabharlann san Spidéal.
    • Na féidearthachtaí maidir le scéim tithíocht inacmhainneach a thógáil ar thalamh an Údaráis san Spidéal.
    • Ceist Choláiste Chonnacht agus an phlé atá ar siúl maidir le cúrsaí iontaobhais.
    • An t-éileamh go dtógfaí clós spraoi ag an Spidéal.

Aontaíodh tacaíocht do na tionscnaimh seo leanas ag an gcruinniú:

  • Spás Oifige san Ionad Fiontraíochta i gCarna a ligean ar léas le Forbairt Chonamara Láir, an eagraíocht nua bhunaithe pobail sa cheantar.
  • Aontaíodh spás oifige sealadach a chur ar fáil do Oireachtas na Gaeilge i gCasla, chun cuidiú leis cuid dá chuid gníomhaíochtaí a athlonnú go Conamara.
  • Deontas Taighde & Forbarta do Phléaraca Teo. chun cuidiú leis na dearc ealaíona a fhorbairt i gCeantar Chonamara.

Tionólfar an chéad chruinniú eile den Choiste Réigiúnach i dTuar Mhic Éadaigh, ar an 22ú Bealtaine 2007.