Coiste Réigiúin Chonnacht Laighean

31 Eanáir, 2007

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean in oifigí nua an Údaráis i mBéal an Mhuirthead ar an 30ú Eanáir 2007.

Tugadh cuairt eolais ar na seirbhísí éagsúla atá faoi dhíon san Ionad Nua Seirbhísí i mBéal an Mhuirthead – Oifigí agus Leabharlann na Comhairle Contae, áiseanna don tSeirbhís Chúirteanna, Ionad Ealaíona Iorrais agus Oifig réigiúnach agus ionaid ghnó an Údaráis.

Ceadaíodh cúnamh do sé thogra éagsúil ag an gcruinniú. San áireamh anseo tá:

  • Micro Múnlaí na hÉireann Teo., Indreabhán atá ag dul i mbun clár taighde agus forbartha (RTI) chun mionmhúnlaí d’árd chaighdeán a fhorbairt don earnáil leighis.
  • Sónta Teo., comhlacht léiriú físeáin atá bunaithe i Loch Con Aortha, Cill Chiaráin agus atá ag forbairt a chuid seirbhísí agus ag cruthú trí phost breise
  • Brian Mac an Mháistir atá ag dul i mbun gnó seirbhísí innealtóireachta in Acaill.
  • Aontaíodh deontas taighde agus forbartha a íoc thar tréimhse píolótach trí bliana leis an Ionad Forbartha Gnó Teo., nó Westbic, Gaillimh le nuálaíocht agus fiontraíocht a spreagadh san earnáil ghnó i nGaeltacht Mhaigh Eo. Beidh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Coimisiún Forbartha an Iarthair ag déanamh maoiniú ar an scéim seo freisin.

Cuireadh in iúl ag an gcruinniú go rabhthas ag dul ar aghaidh le bunú struchtúr nua pobail i gConamara Thiar a bheadh ionadaíoch de na coistí pobail éagsúla atá ag feidhmiú san gceantar sin.

Tionólfar an chéad chruinniú eile den Choiste Réigiúnach i gCarna ar an 2ú Márta 2007.