Coiste Réigiúin Chonnacht Laighean

20 Nollaig, 2006

nóiméad léite

Tionóladh cruinniú de Choiste Réigiúin Chonnacht Laighean in Árdoifig an Údaráis, Na Forbacha, ar an 19ú Nollaig 2006.

Ceadaíodh cúnamh iomlán deontais de €739,231 do 10 dtograí éagsúla ag a bhfuil spriocanna fostaíochta de 48 post lánaimseartha ag an gcruinniú.

San áireamh anseo tá na tograí seo leanas:

  • Greaney Glass Products, An Carn Mór, Gaillimh atá ag déanamh forbairt ar a ghnó déantús gloine agus ag cruthú 23 post breise (60 in iomlán).
  • Comhlacht nua, F.C.F.T (Déantúsaíocht Teo) atá ag dul i mbun táirgiú earraí réamhdhéanta do chonraitheoirí seirbhísí meicniúla ar an gCeathrú Rua agus ag cruthú 13 post san triú bliain.
  • Deirdre Kavanagh agus Siobhán Heaphy, atá ag bunú seirbhís nua bialainne i dTuar Mhic Éadaigh.
  • Atlantek Computers Ltd., atá ag dul i mbun soláthar seirbhís leathanbhanda tré chórais raidio in Iorras agus i gcuid de Ghaeltacht Acla.

Tionólfar an chéad chruinniú eile den Choiste Réigiúnach i mBéal a’Mhuirthead ar an 30ú Eanáir 2007.