Comhdháil Forbartha Pobail á eagrú ag Údarás na Gaeltachta

6 Nollaig, 2006

nóiméad léite

Tionólfar comhdháil bhliantúil do Chomharchumainn agus do Chomhlachtaí Pobalbhunaithe Gaeltachta in Óstán na Páirce ar an Spidéal amárach (Déardaoin 7 Nollaig) ag 2.00 i.n.

Seo a leanas cur síos ar an gclár agus na cainteoirí:

Comharchumainn/Comhlachtaí Pobalbhunaithe – Ré Nua 2007-2010

Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Forbairt Áitiúil Thurasóireachta

Liam Ó Cuinneagáin, Stiúrthóir Oideas Gael agus Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta

Forbairt Pobail agus Caomhnú Teanga

An Dr. Conchúir Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉG

Ar an oíche sin in Óstán na Páirce ar an Spidéal déanfar:

Duaiseanna Réigiúnacha an Iarthair agus na Mí do Ghníomh don Ghaeltacht agus An Baile Beo 2006 a fhógairt agus a bhronnadh.

Bronnfar na duaiseanna ar bhuaiteoirí faoi Rannóg na gComharchumann/Comhlachtaí Pobalbhunaithe agus Rannóg na nEagras Pobail.

Déanfar Olldhuaiseanna Ghníomh don Ghaeltacht 2004 -2006 a fhógairt agus a bhronnadh.

Is mórdhuaiseanna speisialta iad seo a bhronnfar ar ollbhuaiteoirí don tréimhse trí bliana. Rinneadh meastóireacht ar na heagrais agus ar an dul chun cinn atá déanta acu maidir le forbairt chultúrtha agus teanga, fiontair áitiúla, forbairt shóisialta agus aosach, forbairt agus caomhnú timpeallachta, an óige agus oideachas. Tá dhá rannóg i gceist – Forbairt Pobail agus Cothú na Gaeilge mar Theanga Phobail.

Beidh duaischiste de luach €143,000 á bhronnadh ar an oíche.