Scéim Foghlama Fadsaoil

8 Meán Fómhair, 2006

nóiméad léite

Tá scéim ag Rannóg Oiliúna agus Oideachais Údarás na Gaeltachta a chuireann tacaíocht airgid ar fáil do dhaoine aonarach nó do ghrúpaí a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht agus gur spéis leo tabhairt faoi chúrsa/chúrsaí éagsúla a chuireadh ar a gcumas scileanna nó oideachas breise a bhaint amach. Braitheann an méid tacaíocht a bheadh ar fáil ar an gcineál cúrsa a bheadh i gceist agus ar chumas Gaeilge an iarratasóra.

Go dtí seo tá tacaíocht tugtha do dhaoine a rinne cúrsaí oiliúna sna réimsí seo a leanas; cúram páistí, teicneoir cuntasaíochta, forbairt pobail, tiomáint innealra trom agus tumadóireacht, ach is féidir tacaíocht a fháil i réimse cúrsaí nó i gcúrsa áirithe a bheadh aitheanta agat féin. Tá sé riachtanach go mbeadh aitheantas foirmeálta ag an gcúrsa.

Chun breis eolais a fháil, ba chóir do dhaoine nó do ghrúpaí gur spéis leo an scéim seo, teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Oiliúna agus Oideachais in Údarás na Gaeltachta ag an uimhir (091) 503121 nó ar ríomhphost ag eolas@udaras.ie nó dul ar an suíomh idirlíon www.udaras.ie.