Ionad Forbartha Gnó an Daingin

6 Iúil, 2006

nóiméad léite

Tugann Údarás na Gaeltachta cabhair agus comhairle do chliaint chun dul i mbun gnó agus chun gnóthaí a fhorbairt sa Ghaeltacht. Mar chuid den bhfeachtas seo, tá spásanna oifige curtha ar fáil do chliaint ag Údarás na Gaeltachta san Ionad Forbartha Gnó i bPáirc Ghnó an Daingin, Baile an Mhuilinn, An Daingean, Co. Chiarraí. Beidh na spásanna oifige seo ar fáil do thréimhsí idir mí agus bliain amháin. Dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta “Go mbeidh an tIonad Forbartha Gnó seo an-úsáideach le haghaidh réamhthaighde a dhéanamh agus gnó nua a bhunú nó a fhorbairt agus go bhfuiltear ag súil go gcuirfidh sé le fostaíocht sa cheantar.”

Beidh na háiseanna seo a leanas ar fáil do na cliaint san Ionad Forbartha Gnó:

  • Spás oifige le deasc, cathaoir, comhadchaibinéad
  • Seoladh gnó
  • Rochtain 24 uair a’ chloig
  • Seirbhís leathanbhanda
  • Líne fón díreach
  • Faics, fótachóipire agus clódóir
  • Seomraí cruinnithe ar cíos
  • Áiseanna tae agus caifé
  • Pacáistí cúnaimh oiliúna agus comhairleoireachta

Tabharfar tús áite do thograí / gnóanna / príomhaithe ón nGaeltacht le gníomhaíochtaí sna hearnálacha teicneolaíochta, tionscail teanga bhunaithe, oiliúna agus trádáil idirnáisiúnta. Gearrfar cíos €200 in aghaidh na míosa ar na deasca / oifigí seo.