Poist Údarás na Gaeltachta

Roghnaigh:

Feidhmeannach Íocaíochtaí Deontais

  • Fostóir: Údarás na Gaeltachta
  • Ceantar: Gaillimh

Bí páirteach i dtacú le forbairt na Gaeltachta trí bhainistiú agus monatóireacht éifeachtach a dhéanamh ar dheontais. Ról spreagúil ar chonradh sainchuspóra é seo a chuireann le tionscadail agus le hinfheistíocht a chabhraíonn le pobail agus le gnólachtaí Gaeltachta fás agus forbairt.

Déan teagmháil le: foluntais@udaras.ie

Spriocdháta d'iarratais: 11 Nollaig 2026 16:00

Tuilleadh eolais

Oifigeach Feidhmiúchán (Margaíocht) – Rannóg Cumarsáide

  • Fostóir: Údarás na Gaeltachta
  • Ceantar: Gaillimh

Tá straitéis cumarsáid margaíochta nua ullmhaithe ag Údarás na Gaeltachta. Tabharfaidh an té a cheapfar sa ról seo tacaíocht do Cheannasaí an Rannóg Cumarsáide an straitéis seo a chur i bhfeidhm.   Beidh deis ag an duine cur leis an gcur chuige molta agus cumas scéalaíochta na heagraíochta a fheabhsú agus a leathnú.   Beidh taithí ábhartha ag an té a cheapfar in ar a laghad dhá cheann do na réimsí seo a leanas: Ábhar ilmheán a phleanáil agus a chruthú. Gaeilge agus Béarla ar ardchaighdeán agus taithí cruthanta ar théacs chruinn a sholáthar sa dá theanga. Scileanna i mbainistíocht il-ardán, lena n-áirítear meáin shóisialta, láithreáin ghréasáin agus feachtais dhigiteacha.

Déan teagmháil le: foluntais@udaras.ie

Spriocdháta d'iarratais: 11 Nollaig 2026 16:00

Tuilleadh eolais

Oifigeach Íocaíochtaí Creidiúnaithe

  • Fostóir: Údarás na Gaeltachta
  • Ceantar: Gaillimh

Is deis í seo do dhuine a bhfuil spéis aige/aici i gcúrsaí airgeadais agus rialachais páirt a ghlacadh i bhfoireann airgeadais an Údaráis. Beidh ról tábhachtach agat i bpróiseáil agus i mbainistiú íocaíochtaí, ag cinntiú cruinnis, comhlíontachta agus ardchaighdeáin seirbhíse ar fud na heagraíochta.

Déan teagmháil le: foluntais@udaras.ie

Spriocdháta d'iarratais: 11 Nollaig 2026 16:00

Tuilleadh eolais

Feidhmeannach Íocaíochtaí Iníoctha

  • Fostóir: Údarás na Gaeltachta
  • Ceantar: Gaillimh

Tugann an ról ar chonradh sainchuspóra seo deis duit taithí luachmhar a fháil i mbainistiú próiseas íocaíochta laistigh d’Údarás na Gaeltachta. Beidh tú freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar íocaíochtaí, as tacú le rialuithe airgeadais agus as próisis éifeachtacha a chinntiú ar fud na heagraíochta.

Déan teagmháil le: foluntais@udaras.ie

Spriocdháta d'iarratais: 11 Nollaig 2026 16:00

Tuilleadh eolais

Feidhmeannach Caidrimh Phoiblí agus na Meán – Rannóg Cumarsáide

  • Fostóir: Údarás na Gaeltachta
  • Ceantar: Gaillimh

Beidh an Feidhmeannach Caidrimh Phoiblí agus na Meán freagrach as an straitéis cumarsáide a chur i bhfeidhm d’Údarás na Gaeltachta, le fócas ar scéal obair na heagraíochta agus an tionchar ar phobal na Gaeltachta a insint do na pobail sin, chomh maith le príomhaidhmeanna straitéiseacha an Údaráis.

Déan teagmháil le: foluntais@udaras.ie

Spriocdháta d'iarratais: 11 Nollaig 2026 16:00

Tuilleadh eolais

Oifigeach Seirbhísí Teicneolaíocht Faisnéise

  • Fostóir: Údarás na Gaeltachta
  • Ceantar: Gaillimh

Bí mar chuid d’fhoireann Teicneolaíocht Faisnéise an Údaráis i bpost lánaimseartha buan. Beidh ról lárnach agat i mbainistiú agus i bhforbairt bonneagair agus seirbhísí digiteacha na heagraíochta, chomh maith le tacú le tionscadail nua teicneolaíochta a chuireann le hobair agus le spriocanna an Údaráis.

Déan teagmháil le: foluntais@udaras.ie

Spriocdháta d'iarratais: 18 Nollaig 2026 16:00

Tuilleadh eolais

Scéimeanna Fostaíochta Sóisialta

  • Fostóir: Údarás na Gaeltachta
  • Ceantar: Ciarraí

Tá folúntais ar na scéimeanna sóisialta tuaithe agus na scéimeanna fostaíochta pobail sa deisceart.