Ceannasaí Mol Digiteach (Príomhoifigeach)
Tá folúntas ag Údarás na Gaeltachta do Cheannasaí Mhol Dhigiteach, ról ceannródaíoch a bheidh i gceannas ar fhorbairt agus ar fheidhmiú mol digiteach dinimiciúil i gceantar Gaeltachta. Beidh an té a cheapfar freagrach as fís straitéiseach a thabhairt chun críche, tacú le fiontraíocht dhigiteach agus pobail nuálacha a chothú. Oibreoidh siad le comhpháirtithe réigiúnacha agus náisiúnta chun comhpháirteanna digiteacha agus nuálaíochta a spreagadh agus a threorú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.