Glacann os cionn 780 fiontraí óga ó mheánscoileanna ar fud na Gaeltachta páirt sa togra seo gach bhliain. Tá an clár á riaradh ag Junior Achievement Ireland (JAI). Is é an cuspóir atá leis an gclár seo ná spiorad na fiontraíochta a chothú i measc glúin óg na Gaeltachta. Tá curaclam as Gaeilge curtha ar fáil don mhúinteoir ranga sa scoil agus le linn na bliana eagraítear cuairteanna ó bhaill foirne an Údaráis agus ó mheantóirí gnó áitiúla le cúnamh agus le spreagadh a thabhairt do dhaoine óga a gcuid smaointí gnó a fhorbairt.
Eagraítear babhtaí réigiúnach ó thuaidh, ó dheas agus san iarthar, leis na buaiteoirí sin ag dul ar aghaidh le bheith páirteach sa bhabhta náisiúnta Gaeltachta a reáchtáiltear i nGaillimh agus in sna ceardlanna a eagraítear do na mic léinn in abhair ghaolmhara.
Téann na buaiteoirí náisiúnta ar aghaidh go dtí Craobh na hEorpa JAI.
Eolas breise: An Rannóg Taighe & Forbairt Earnála oiliuint@udaras.ie
Tá an clár seo dírithe ar na hard-ranganna sa bhunscoil agus é beartaithe dá réir sin suim a mhúscailt iontu sna hábhair Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic. Tá na módúil sa chlár bunaithe ar na téamaí seo a leanas:
Tá sé i gceist thar thréimhse ama go mbeidh deis tugtha do gach bunscoil Ghaeltachta a bheith páirteach sa chlár seo.
Eolas breise: An Rannóg Taighe & Forbairt Earnála oiliuint@udaras.ie