Deiseanna do scoileanna

NEEDS ALT

JAI Clár na gComhlachtaí – Scéim Fiontraíochta do Lucht na hIdirbhliana i Scoileanna Gaeltachta

Glacann os cionn 780 fiontraí óga ó mheánscoileanna ar fud na Gaeltachta páirt sa togra seo gach bhliain.  Tá an clár á riaradh ag Junior Achievement Ireland (JAI).  Is é an cuspóir atá leis an gclár seo ná spiorad na fiontraíochta a chothú i measc glúin óg na Gaeltachta.  Tá curaclam as Gaeilge curtha ar fáil don mhúinteoir ranga sa scoil agus le linn na bliana eagraítear cuairteanna ó bhaill foirne an Údaráis agus ó mheantóirí gnó áitiúla le cúnamh agus le spreagadh a thabhairt do dhaoine óga a gcuid smaointí gnó a fhorbairt.

Eagraítear babhtaí réigiúnach ó  thuaidh, ó dheas agus san iarthar, leis na buaiteoirí sin ag dul ar aghaidh le bheith páirteach sa bhabhta náisiúnta Gaeltachta a reáchtáiltear i nGaillimh agus in sna ceardlanna a eagraítear do na mic léinn in abhair ghaolmhara.

Téann na buaiteoirí náisiúnta ar aghaidh go dtí Craobh na hEorpa JAI.

Eolas breise:  An Rannóg Taighe & Forbairt Earnála oiliuint@udaras.ie

JAI Clár ‘An Chruinne’

Tá an clár seo dírithe ar na hard-ranganna sa bhunscoil agus é beartaithe dá réir sin suim a mhúscailt iontu sna hábhair Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic. Tá na módúil sa chlár bunaithe ar na téamaí seo a leanas:

  • Cnámha & cnámharlaigh – anailís X-gha
  • Dlí-eolaíocht – Cé rinne an coir?
  • Feasacht Fuinnimh
  • Beatha Folláin – aclaíocht & aiste bia
  • Bogha ceatha & léasar – déanann na mic léinn perieascóp gur rogha leo a choimeád

Tá sé i gceist thar thréimhse ama go mbeidh deis tugtha do gach bunscoil Ghaeltachta a bheith páirteach sa chlár seo.

Eolas breise:  An Rannóg Taighe & Forbairt Earnála oiliuint@udaras.ie