Oiliúint

Aidhm an Chláir Oideachais & Oiliúna

Is é an cuspóir straitéiseach atá ag an Údarás i ngeall ar an réimse forbartha oideachais agus oiliúna ná cur le bunús agus caighdeán scileanna mhuintir na Gaeltachta. Tá forbairt na n-acmhainní seo mar bhunchloch do chomhdhéanamh agus d’fheidhmiú an chláir ghinearálta forbartha atá á maoiniú ag an Údarás.

Cuireann an infheistíocht seo lenár gcumas réimse tionscnaimh oiliúna agus oideachais a mhaoiniú atá ceangailte go dlúth le straitéis forbartha a thugann aghaidh ar fhorbairt chomhtháite na Gaeltachta.  Mar chuid den straitéis seo tá béim ar leith curtha ar:

  1. an fhorbairt gheilleagrach agus fostaíochta, agus
  2. an réimse forbartha pobail agus pleanála teanga.

Is iad siúd an dá chrann taca i gcur chun cinn agus i bhfeidhmiú mór-aidhm na heagraíochta, is é sin, pobal inmharthana a shlánú sna limistéir forbartha Ghaeltachta trí thacú leis na pobail sin an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt mar ghnáth-theanga urlabhartha iontu.