1. Aidhm na Scéime / The Scheme Objective
Is é an cuspóir atá leis an Dearbhán Forbartha Digití cuidiú le gnólachtaí beaga leas a bhaint as uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha le héifeachtúlacht ghnó a mhéadú, raon feidhme a leathnú agus iomaíochas gnó a fheabhsú.
Ní mór d’iarratasóirí leas a bhaint as an Scéim Digitithe Gnó roimhré le Plean Gníomhaíochta Digití a ullmhú le hiarratas a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta faoin Dearbhán Forbartha Digití– tá an t-iarratas thíos le bheith bunaithe ar ghníomhartha a shainaithnítear i bPlean Gníomhaíochta Digití an iarratasóra.
Tá tacaíocht deontais ar fáil faoin scéim do chaiteachas tionscadail a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Digití an iarratasóra, amhail síntiúis bogearraí ar feadh tréimhse 12 mhí, oiliúint in úsáid bogearraí agus cumraíocht bogearraí.
.
2. Incháilitheacht
Tá an Dearbhán Forbartha Digití oscailte d’fhiontair bheaga (a bhfuil idir duine agus 50 duine fostaithe iontu) agus atá:
Beidh na fiontair seo a leanas i dteideal iarratas a dhéanamh ar an Scéim chomh maith:
Ní mór imréiteach cánach reatha a bheith ag gnólachtaí ó na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór do ghnólachtaí Uimhir Thagartha Cánach agus Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach a sholáthar chun a stádas Imréitigh Cánach a fhíorú ar thairseach ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim.
.
3. Gnólachtaí Neamh-incháilithe
Gnólachtaí atá páirteach i ngníomhaíochtaí neamh-incháilithe nó a bhfuil riosca do-ghlactha clú ag baint leo, dar le hÚdarás na Gaeltachta. Áirítear ar ghníomhaíochtaí neamh-incháilithe gníomhaíochtaí a bhaineann leis an méid seo a leanas:
Tabhair faoi deara nach liosta uileghabhálach é seo. Ba cheart aon cheist maidir le hincháilitheacht ghníomhaíochta a chur ar Údarás na Gaeltachta le go ndéanfaí measúnú ar an gcás.
.4. An Tacaíocht
Tá an deontas iníoctha ag ráta 50% den chaiteachas incháilithe, gan CBL san áireamh, suas le huasmhéid deontais €2,500 in aghaidh an iarratais (tá tairseach íosmhéid deontais €500 in aghaidh an iarratais, i.e. is é €1,000 an t-íoschaiteachas ar an tionscadal). Is féidir dhá thionscadal de chuid an Dearbháin Forbartha Digití, ar a mhéad, a cheadú d’fhiontar, deontas carnach suas le €5,000. Tá ceadú an dara deontas ag brath ar dhul chun cinn léirithe an ghnó mar atá leagtha amach i dtuarascáil na Scéime Digitithe Gnó. Is ar mhaithe le tacú le dul chun cinn digitithe an iarratasóra a bheidh an caiteachas incheadaithe.
Tabhair faoi deara le do thoil: Ní mór iarratas ar an Dearbhán Forbartha Digití a dhéanamh taobh istigh de thréimhse dhá bhliain ar a mhéad ó dháta ullmhaithe na tuarascála / an phlean faoin Scéim Digitithe Gnó.
.5. Caiteachas Incháilithe
(a) Táillí síntiúis bogearraí
I measc na samplaí bogearraí incháilithe tá:
(b) Cumraíocht Oiliúna agus/nó TF / Training and/or IT Configuration
I gcás ina n-éilíonn an gnólacht cúnamh saineolach maidir le:
(Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir le méid oiliúna agus cumraíochta, curtha le chéile, a bheith níos mó ná 50% de na táillí síntiúis bogearraí).
.
6. Caiteachas Neamh-incháilithe / Ineligible Expenditure
.
Cuid B – An Fhoirm Iarratais
Dearbhán Forbartha Digití