1. Tá an t-eolas uile atá iarrtha ar an bhfoirm seo riachtanach le gur féidir leis an Údarás an t-iarratas ar dheontas a mheas.
All the information requested on this form is required to enable An tÚdarás to properly evaluate this grant request.
2. Níor chóir glacadh leis gur ionann an fhoirm seo a líonadh agus a bheith i dteideal deontais dá thoradh sin, ná ní thugann sé le tuiscint fiú go gceadófar an deontas.
The completion and acceptance of this form should not be construed as an entitlement to a grant or a presumption that it will be approved.
3. Aontú maidir le Gníomhaíocht a Thuairisciú /
Agree to Report Activity
Má cheadaítear an t-iarratas seo, aontaíonn tú / sibh tuairisc a thabhairt ar staid reatha an ghnó I ndiaidh chur i bhfeidhm an tionscadail. D'fhéadfadh ceisteanna maidir le fostaíocht, láimhdeachas, onnmhairí, costais, agus leanúint ar infheistíocht a bheith san áireamh sa tuairisciú seo agus féadfaidh Údarás na Gaeltachta, Roinn Stáit, nó meastóirí neamhspleácha ceadaithe é a dhéanamh. Beidh an t-aiseolas seo riachtanach le cinntiú go bhfuil an scéim ag obair go maith do ghnólachtaí cosúil le do cheann’sa / bhur gceann’sa atá ag baint leas as. Ina theannta sin, aontaíonn tú tagairt a dhéanamh do do ghnó / do bhur ngnó i gcás ábhair staidéir, a d'fhéadfaí a úsáid chun an Scéim Digitithe Gnó a chur chun cinn ar bhonn níos forleithne.
If this application is approved, you agree to report on business activity upon completion of the project. This reporting may include questions regarding employment, turnover, exports, costs, and follow on investment and may be conducted by Údarás na Gaeltachta, Government Departments or approved independent evaluators. This feedback will be essential to ensure that Digital For Business is delivering for businesses like you that are making use of it. In addition, you agree to allow reference be made to your business in case study materials, which may be used to promote Digital For Business more widely
4. An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 /
Freedom of Information Act 2014
Tagann an tÚdarás faoi scáth an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014. Ní scaoilfidh Údarás na Gaeltachta aon eolas a fhaightear mar chuid den iarratas seo mura bhfuil sé riachtanach de réir dlí, an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 san áireamh. Rachaidh Údarás na Gaeltachta i gcomhairle le hiarratasóirí, i ngach cás inar gá faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, sula ndéantar cinneadh maidir le scaoileadh eolais faoin Acht sin.
Údarás na Gaeltachta is subject to the Freedom of Information Act 2014. An tÚdarás will not release any information received as part of this application unless it is required by law, including the Freedom of Information Act 2014. An tÚdarás will, in all cases where it is required to do so under the Freedom of Information Acts, consult with applicants before making a decision on the disclosure of such information.
5. Cosaint Sonraí
Data Protection:
Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta do mheas a léiriú ar do phríobháideacht agus é a chosaint. Caithfimid leis an uile shonra pearsanta mar shonra faoi rún agus ní úsáidfimid é ach amháin do na cuspóirí a bhfuaireamar é. Leagtar amach inár Ráiteas Príobháideachta do chearta príobháideachta agus insíonn duit mar a bhailíonn, a úsáideann, a phróiseálann agus a nochtann muid, mar Rialaitheoir, do chuid sonraí pearsanta i leith do chuid teagmhála linn.
Údarás na Gaeltachta is committed to protecting and respecting your privacy. We will deal with all personal data as confidential, and it will only be used for the purposes for which we have received it. Our Data Privacy Statement tells you about your privacy rights and sets out how we, as a Controller, collect, use, process and disclose your personal data relating to your interactions with us.
6. An Teanga /
The Language
Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo an bunchuspóir atá le polasaí Údarás na Gaeltachta. Déanann an tÚdarás gach iarracht an cuspóir seo a bhaint amach trí scéimeanna maoinithe a chur ar fáil le tacú le forbairt fiontair agus le tionscnaimh chruthaithe fostaíochta. Iarrtar ar an iarratasóir, leis seo, an Ghaeilge a chur chun tosaigh ina ghnó mar chuid de chur i bhfeidhm an togra seo. Beidh lúcháir ar Rannóg Pleanála Teanga an Údaráis an ghné seo den togra a phlé leis an iarratasóir agus moltaí a dhéanamh maidir le chun cinn na Gaeilge sa ghnó.
The basic objective of Údarás na Gaeltachta's policy is to preserve and strengthen the Irish language as a living language. An tÚdarás makes every effort to achieve this objective by fostering and financing enterprise development and employment creation initiatives. The applicant is hereby requested to promote the Irish language in the business as part of the implementation of this project. The Údarás Language Planning Department will be happy to discuss this element of the project with the applicant and to make suggestions / recommendations in respect of promotion of the Irish language in the business.
7. Agus meastóireacht á déanamh ar iarratas ar mhaoiniú, d’fhéadfadh sé go dteastódh ón Údarás fiosrúcháin ábhartha a dhéanamh trí bhainc nó trí ghníomhaireachtaí eile.
In assessing an application for funding it may be necessary for An tÚdarás to make
relevant enquiries through banks or other agencies.
Agus tú ag seoladh d’iarratas faoin scéim seo, tá tú ag deimhniú go dtuigeann tú agus go nglacann tú leis an méid thuas.
On submitting your application under this scheme, you are confirming that you understand and accept the points outlined above.