Uisce, Spórt agus Spraoi d’Óige na Gaeltachta!

An-tóir ar Chlub UISCE cheantar Gaeltachta Iorrais agus fás 50% tagtha ar líon na ndaltaí a d’fhreastail ar an gclub Gaeilge ó 2019.

25 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

Uisce Sport agus Spraoi dOige na Gaeltachta

Thacaigh Gaeilge Iorrais le club eachtraí uisce trí Ghaeilge a bhunú i gColáiste UISCE d’óige cheantar Gaeltachta Iorrais i nDeireadh Fómhair 2020. Tugadh deiseanna agus spreagadh d’aos óg an cheantair an Ghaeilge a úsáid trí mheán an spóirt agus an spraoi agus i gcomhluadar pháistí eile na Gaeltachta seo. Bhí béim faoi leith ar scileanna tonnmharcaíochta agus cadhcála, chomh maith le sábháilteacht ar an bhfarraige agus cúrsaí aimsire. Rinne an club lán-Ghaeilge seo freastal ar ar dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile. San iomlán bhí 58 duine óg áitiúil páirteach i gclub UISCE go dáta agus beagnach 20 duine eile ar liosta feithimh. (.i. uimhreacha teoranta de bharr srianta sláinte agus pholasaí docht Covid-19).Tá an-tóir ar an gclub lán-Ghaeilge seo agus táthar ag súil le tógáil air in 2021.

Cén uair? 10 Deireadh Fómhair 2020

Uisce, Spórt agus Spraoi d’Óige na Gaeltachta!-02

‘Tá mar sprioc ag Gaeilge Iorrais borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge i measc na ndaoine óga seo agus deiseanna sóisialaithe trí Ghaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil dóibh. Tugann club UISCE deis do dhaoine óga an Ghaeilge a chleachtadh agus a úsáid lena gcomhaoisigh i gcomhthéacs neamhfhoirmiúil agus iad ag cur lena gcuid féinmhuiníne, scileanna cumarsáide agus ceannaireachta ag an am céanna. Tríd an gclub nuálach seo, cruthaíonn muid deiseanna agus spreagadh d’aos óg an cheantair chun an Ghaeilge a úsáid trí mheán an spóirt agus an spraoi agus i gcomhluadar pháistí eile na Gaeltachta seo. Tá súil againn freisin go dtapóidh cuid acu an deis post ceannaireachta nó teagascóireachta a ghlacadh in UISCE amach anseo. Tá an-tóir ar an gclub seo agus muid ag súil go mór le tógáil air i 2021.”

— Laoise Ní Dhúda, OPT Gaeilge Iorrais