Seoladh Plean Teanga Thuaisceart Dhún na nGall

18 Deireadh Fómhair, 2021

nóiméad léite

Achoimre den Phlean
Achoimre den Phlean

Seoladh Plean Teanga Thuaisceart Dhún na nGall oíche Déardaoin an 18ú Mí na Samhna 2021.  Ócáid thar bheith stairiúil do Limistéar Pleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall a bhí ar siúl i gColáiste Ros Goill, Na Dúnaibh. Sheol an tAire Jack Chambers an Plean Teanga. De bharr na srianta COVID-19 ní raibh ceadaithe ach líon beag daoine ach bhí ionadaithe as na ceantair sa Limistéar Pleanála teanga i láthair le linn na hócáide. Clúdaíonn an Plean Teanga ceantair Fhánada, Ros Goill, Gleann Bhairr, An Chraoslaigh, An Tearmainn agus Gleann Domhain agus tá úinéireacht ag na pobail uilig sa LPT ar an Phlean Teanga seo. Tá Coiste Céim Aniar mar cheann eagraíocht ar an Phlean Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall agus freagrach as ullmhú agus feidhmiú an Phlean Teanga.

Ó chlé – Aodh Mac Laifeartaigh (Cathaoirleach Chéim Aniar CTR.), Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus Jack Chambers, Príomh Aoire an Rialtais agus Aire na Gaeltachta.
Ó chlé – Aodh Mac Laifeartaigh (Cathaoirleach Chéim Aniar CTR.), Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus Jack Chambers, Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta.

Chuir Cathaoirleach Chéim Aniar Aodh Mac Laifeartaigh agus Fear Tí don oíche tús leis an ócáid nuair a chuir sé fáilte roimh Jack Chambers, Príomh Aoire an Rialtais agus Aire na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh,  Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, na haíonna speisialta agus na daoine uilig a bhí i láthair go Ros Goill. Thug Aodh Mac Laifeartaigh cur síos ar stair Chéim Aniar, Ceanneagraíocht Pleanáil Teanga LPT Thuaisceart Dhún na nGall agus labhair sé faoin stair a bhí bainte leis an choláiste. Dúirt sé go raibh úinéireacht ag an phobal ar fad ar an Phlean agus go mbeifear ag súil go mbeidh torthaí dearfacha le feiceáil san am a luíonn amach romhainn. D’oscail Éamonn De Valera an Choláiste don chéad uair sa bhliain 1952.

Labhair Caoimhín Mac a’ Bhaird, Cathaoirleach Choiste Stiúrtha Limistéar Pleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall. Rinne sé cur síos ar an obair mhór a cuireadh isteach ag ullmú an phleain agus ghabh sé buíochas le gach duine a d’oibir go crua chun an obair sin a chur i gcrích. Mhol sé Colm Mac Fhionnghaile a scríobh an Plean Teanga agus ghabh sé buíochas leis as clár oibre cuimsitheach a chur ar fáil don cheantar ar fad. Mhol sé Oisín Mac Éo,  an chéad Oifigeach Pleanála Teanga a ceapadh  as an obair iontach a rinne sé agus ghuí sé gach rath ar Phóilín Uí Ghallachóir mar Oifigeach Pleanála Teanga nuacheaptha do LPT Thuaisceart Dhún na nGall. Thug sé buíochas d’Údarás na Gaeltachta a chuidíonn le hullmhú agus feidhmiú na bPleananna Teanga ar fud na nGaeltachtaí.  Ghabh sé a bhuíochas chomh maith leis na Coistí Pleanála Teanga ar fud Thuaisceart Dhún na nGall as an tsárobair a rinne siad chun an plean a chur le chéile. Mhol sé iad uilig as an obair dheonach a níonn siad ar mhaithe le forbairt agus cur chun cinn na Gaeilge de. Moladh na hOifigigh Forbartha a bhí fostaithe ó thús an phróiseas ach go háirithe Anna Nic Lochlainn as an sár obair a bhí agus atá á dhéanamh aici i dtólamh.

Ó chlé – Aodh Mac Laifeartaigh (Cathaoirleach Chéim Aniar CTR.), Caoimhín Mac a’ Bhaird (Cathaoirleach Choiste Stiúrtha LPT Thuaisceart Dhún na nGall), Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta agus Jack Chambers, Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta.
Ó chlé (ina seasamh) – an Seanadóir Niall Blaney, Póilín Uí Ghallachóir (Oifigeach Pleanála Teanga an LPT) Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, TD Joe Mc Hugh agus Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta. Ó chlé (ina suí): Aodh Mac Laifeartaigh (Cathaoirleach Chéim Aniar CTR.), Jack Chambers, Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta, Caoimhín Mac a’ Bhaird (Cathaoirleach Choiste Stiúrtha LPT Thuaisceart Dhún na nGall) agus Siubhán Mic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta.

Labhair Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta faoin tábhacht  a bhaineann leis na pleananna teanga. Dúirt sé go raibh an Limistéar Pleanála Teanga iontach fairsing ach go raibh sé thar a  bheith sásta faoin tacaíocht a bhí ag teacht ón phobal ar fad i dtaca leis an tumoideachas agus forbairt na Gaeilge de. Ghabh sé buíochas le foireann Údarás na Gaeltachta, Séamas Ó Gallachóir, Feidhmeannach Pleanála Teanga agus Áine Uí Dhochartaigh, Feidhmeannach Pleanála Teanga as an ról lárnach a bhí acu sa phróiseas i nGaeltacht Thuaisceart Dhún na nGall.

Mháigh an tAire Jack Chambers go raibh sé iontach sásta bheith i láthair agus go raibh lúcháir air a bheith ag Seoladh Plean Teanga, Limistéar Pleanála Teanga go hoifigiúil. Dúirt sé go raibh cúig Phlean Teanga is fiche as fiche a sé ceadaithe agus Plean Teanga an Ghaeltacht Láir san áireamh. Mhol an tAire an ról tábhachtach a bhí ag an phobal áitiúil sa réamhobair a rinneadh don phlean agus ghabh sé buíochas le Colm Mac Fhionnghaile as an phlean teanga cuimsitheach a scríobh sé. Tugadh buíochas do Frances Nic Géadaigh, Raidió na Gaeltachta as bheith i láthair agus labhair Frances le daoine as na ceantair éagsúla ar fud an LPT ar an oíche agus bhí na hagallaimh mar pháirt de chlár Bharrscéalta an lá dár gcionn. Bhronn Peigí Ryder bronntanas ar an Aire Jack Chambers thar cheann ceantair an LPT ar fad agus chuir Caoimhe Ní Mhaoileoin i gcuideachta le hEunan Ó Gallachóir ceol galánta ar fáil ag tús agus ag deireadh na hócáide. Bhí sólaistí deasa ar fáil agus bhí oíche thar a bheith pléisiúrtha ag gach duine a bhí i láthair. Buíochas ó chroí le gach duine a chuidigh roimh agus le linn na hócáide.

Ó chlé (ina seasamh) – an Seanadóir Niall Blaney, Aodh Mac Laifeartaigh (Cathaoirleach Chéim Aniar CTR.), Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Póilín Uí Ghallachóir (Oifigeach Pleanála Teanga an LPT), Therese Mhic Mhonagail, Príomhoide SN na Sráithe Móire, TD Joe Mc Hugh agus Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta. Ó chlé (ina suí): Séamas Ó Gallachóir, Feidhmeannach Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, Jack Chambers, Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta, Anna Uí Dhochartaigh Feidhmeannach Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta agus Caoimhín Mac a’ Bhaird (Cathaoirleach Choiste Stiúrtha LPT Thuaisceart Dhún na nGall).
Jack Chambers, Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta & Peigí Ryder (Ball de Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga LPT Thuaisceart Dhún na nGall.
Jack Chambers, Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta & Peigí Ryder (Ball de Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga LPT Thuaisceart Dhún na nGall.