#SeoÍAnGhaeltacht

Léargas ar an nGaeltacht trí fheachtas splancfhíseán

25 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

Trá foirfe ag an nGaeltacht

Sheol na hOifigigh Pleanála Teanga feachtas nua ar na meáin shóisialta dar teideal #SeoÍAnGhaeltacht i dtús mhí na Bealtaine 2020. Feachtas é seo a bhfuil sé mar aidhm aige mórtas áite, teanga agus cultúir a chothú agus cuimhní cinn dearfacha i dtaca leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht a mhúscailt. Roinntear íomhánna agus físeáin tharraingteacha agus spleodracha den Ghaeltacht go forleathan ar na meáin shóisialta a dhéanann ceiliúradh ar a gceantar, a gcultúr agus ar an nGaeilge agus cuireann sé go mór le féiniúlacht na Gaeltachta thar na réigiúin Ghaeltachta.

Tá íomhánna tarraingteacha agus spleodracha den Ghaeltacht á roinnt go forleathan ar na meáin shóisialta go leanúnach agus leas á bhaint as sraith Gifs a dearadh go speisialta don fheachtas. Mealladh idir shean agus óg le ceiliúradh a dhéanamh ar a n-áit agus ar a dteanga dhúchais agus go deimhin, roinn daoine aitheanta as ceantair éagsúla a léargas féin ina leith, ina measc bhí Seán Mac an tSíthigh, Bláthnaid Ní Chofaigh, Áine Ní Bhreisleáin, Caitríona Ní Dhomhnaill, Máirtín Tom Sheáinín agus ceoltóirí as YeVagabonds agus In Their Thousands.

Tá an haischlib #seoíanGhaeltacht in úsáid ag na hOifigigh Pleanála Teanga ar fad anois le haird a tharraingt ar an obair atá ar bun acu. D’éirigh leis an bhfeachtas ainmniúchán d’fheachtas na bliana a bhaint amach i nGradaim an Oireachtais in 2020.

Ag luí na gréine sa réimse
Póstaer do # SeoÍAnGhaeltacht
Cósta Gaeltachta # SeoÍAnGhaeltacht

“Feachtas ar na meáin shóisialta is ea #SeoÍAnGhaeltacht a léirigh beocht, fuinneamh agus áilleacht na Gaeltachta ar fud na hÉireann. Chuir na hOifigigh Pleanála Teanga tús leis an bhfeachtas ag cur fáilte roimh dhaoine íomhánna, físeáin agus rudaí deasa spraoíúla eile a roinnt ar líne ag úsáid an haishchlib. Bhí idir scéalta, grianghrafanna, dánta agus amhráin aoibhne roinnte ag na céadta daoine sna Gaeltachtaí agus cuimhní deasa ó dhaoine eile nuair a bhíodar sa nGaeltacht. Socraíodh tabhairt fén bhfeachtas chun comhluadar ar líne a chothú do ghréasán na nGael ag am nach raibh cead ag daoine bualadh le chéile sa bhfíorshaol. Ardú croí a bhí sa bhfeachtas, a dhein nasc idir daoine age baile le Gaeltachtaí eile agus a neartaigh an féiniúlacht Ghaeltachta go mór ar leibhéal oileánda.”

— John Prendergast, OPT Chiarraí Thiar