Scéim Folláine & Oiliúna

Deiseanna aclaíochta agus teanga do pháistí an Iarthuaiscirt i nGaeltacht Dhún na nGall Úsáid na Gaeilge á cothú laistigh agus lasmuigh den seomra ranga!

24 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

Dónall Ó Cnáimhsí, OPT Ghaoth Dobair agus Íochtar na Rosann le hOifigigh CLG Ghaoth Dobhair agus roinnt de mhúinteoirí an cheantair

Chinn Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt i nGaeltacht Dhún na nGall maoiniú a chur ar fáil le Scéim Folláine & Oiliúna  a sholáthar i gcomhar le  CLG Ghaoth Dobhair do bhunscoileanna an LPT. Faoin scéim, tá cóitseálaí oilte (Seán Nancy Ó Gallchóir) ag freastal ar 6 scoil sa LPT in aghaidh na seachtaine. Reáchtálann sé ceachtanna aclaíochta (seachas an pheil amháin) trí Ghaeilge do na páistí agus déanann siad plé ar aiste bia shláintiúil chomh maith. Tá ag éirí go han-mhaith leis an scéim seo, tá na páistí ag baint sult as agus tá na scoileanna an-bhuíoch as an tacaíocht bhreise.

Tá tábhacht ar leith leis an scéim toisc go mbíodh seirbhís den chineál seo á cur ar fáil trí Bhéarla agus go bhfuil deis anois ag páistí an cheantair an Ghaeilge a labhairt i gcomhthéacs nádúrtha spraíúil. Ta caidreamh maith á chothú idir an tOifigeach Pleanála Teanga agus scoileanna an cheantair áit a bhfuil tacaíocht phraiticiúil á cur ar fáil atá ag teacht le cuspóirí an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge. Ar ndóigh, tá an scéim thar a bheith tráthúil i láthair na huaire agus an Roinn Oideachais ag moladh go mbaintear níos mó úsáide as an chlós do ranganna le linn thréimhse na géarchéime.

“Tá lúchair orainn a bheith in ann tacaíocht a chur ar fáil don scéim seo, déanann sé an nasc leis na scoileanna a láidriú agus tá sé ag teacht ní hamhain le cuspóirí an phlean teanga ach le cuspóirí an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta chomh maith. Tá an aidhm seo a leanas luaite inár bplean teanga ‘úsáid na Gaeilge a chothú agus a mhéadú taobh istigh agus taobh istigh den scoil’. Tá súil againn maoiniú níos buaine a fháil don scéim seo chun a chinntiú go leanfaidh sé ar aghaidh sna blianta amach romhainn agus go ndéantar é a leathnú amach chuig na scoileanna Gaeltachta eile ar fud an chontae.”

OPT Ghaoth Dobair agus Íochtar na Rosann, Dónall Ó Cnáimhsí

Tagairt ó mhúinteoir: le fáil