Rothaí na Gaeltachta

Dúshlán Rothaíochta do Phobal Uile na Gaeltachta 61 duine i 10 LPT rannpháirteach san imeacht ardchaighdeáin seo

25 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

Reáchtáil Oifigigh Pleanála Teanga dúshláin rothaíochta do phobal na Gaeltachta thar dheireadh seachtaine 26 & 27 Meán Fómhair le linn Sheachtain Rothaíochta 2020. Tugadh cuireadh do rannpháirtithe tabhairt faoi dhúshláin éagsúla dírithe ar a léibhéal cumais féin. Imeachtaí fíorúla saor in aisce a bhí i gceist leo agus an tsaoirse ag gach duine a gcúrsa féin a roghnú. Is i gcomhar leis an gcumann spóirt Gaeltachta a bunaíodh le tamall beag anuas, Gaeltacht CC, a reáchtáladh an feachtas. Ghlac 61 rannpháirtí ó cheantair ar fud na Gaeltachta páirt sna himeachtaí. Bhain caighdeán ard leis an bhfeachtas seo agus éiríonn leis na cineálacha imeachtaí seo normálú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta, le linn na n-imeachtaí féin agus nuair atá uaslódáil á dhéanamh ar shonraí agus ar mhíleáistí.

Ceathrar ag glacadh sosa agus iad ag rothaíocht sa Ghaeltacht
Beirt fhear ag cur selfie amach ag rothaíocht sa Ghaeltacht
Bicycle wheel and beautiful lake in Gaeltacht
Bealach rothaíochta do Máire Bríd Bhreathnach, Inbhear, Ros Muc
Ándrea Tighe, OPT Mhaigh Cuilinn
Rothaí ar an mbóthar sa Ghaeltacht

“In ainneoin gur imeacht fíorúil a bhí i gceist le Rothaí na Gaeltachta, is léir gur airigh na rannpháirtithe mar chuid de phobal faoi leith agus iad i mbun na gníomhaíochta, fiú má bhí siad amuigh leo féin. Chuaigh mé féin amach liom féin ach bhí mé ag samhlú na ndaoine eile a bhí ag dul amach ar an lá céanna thart timpeall na Gaeltachta, ag samhlú go raibh mé ag labhairt leo faoi na radharcanna áille a bhí á bhfeiceáil agam agus ag smaoineamh ar na pictiúir a ghlacfainn agus na teachtaireachtaí a roinnfinn ar na meáin shóisialta. Mar sin, bhí cumarsáid lárnach sa ghníomhaíocht.”

— Majella Ní Chríocháin, OPT na Ceathrún Rua

 

“Ní raibh mé ag rothaíocht le blianta, agus i rith na dianghlasála ar nós leath na tíre, cheannaigh mé rothar. Timpeall an ama chéanna fógraíodh Rothaí na Gaeltachta agus thug sé sprioc dhom – thosaigh mé ag traenáil, ag dul níos faide ó bhaile nuair a bhí cead agus bhain mé an oiread taitnimh agus tairbhe as. Chonaic mé páirteanna den cheantar nach raibh aon eolas agam orthu agus bhí sé iontach a bheith amuigh, ag sú isteach ciúnas agus áilleacht na háite ar mo rothar!

Tháinig sé ag am nuair a theastaigh sprioc agus dúshlán ó dhaoine chun iad féin a spreagadh, a gcuid sláinte agus go háirithe a meabhairshláinte a chothú agus a chur chun cinn.”

— Nóirín Uí Fhlatharta, An Cheathrú Rua