Rith Cuimhneacháin 2020

Ócáid reatha i gcuimhne ar mhuintir na Gaeltachta

24 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

Teaghlach Uí Ghloinn i mbun siúlóide ar Árainn Mhór

B’ócáid speisialta a bhí i Rith Cuimhneacháin 2020 a reáchtáil Oifigigh Pleanála Teanga ar an 8 Samhain ar fud na Gaeltachta i gcuimhne ar mhuintir an phobail atá imithe ar shlí na fírinne. Tugadh cuireadh don phobal Gaeltachta sna LPT teachtaireacht a chur ar bhalla fíorúil agus rith nó siúl le linn na hócáide ar shon a muintire agus a gcairde. Ní comórtas ná dúshlán ab ea é ach imeacht fíorúil a thug deis do dhaoine dul amach go suaimhneach agus cuimhneamh ar an gcaidreamh a bhí acu nó atá acu le duine nó le daoine ar leith. Tá tábhacht ar leith ag baint le himeachtaí den chineál seo a chothaíonn nasc láidir idir an pobal áitiúil, go háirithe le linn am dúshlánach na paindéime mar atá i láthair na huaire. Deis ar leith atá ann nascadh le réimse leathan den phobal tríd an teanga chomh maith. Bhunaigh Athletics Ireland an Rith Cuimhneacháin in 2011 agus bhíodh sé ag tarlú i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.

An Gáirdín Cuimhneacháin ar an bhFód Dubh, Iorras áit ar shiúil rannpháirtithe don ócáid
Pobal na Rosann i mbun siúlóide don Rith Cuimhneacháin
Teaghlach Uí Ghloinn i mbun siúlóide ar Árainn Mhór

“Ba dheis í seo don phobal aitheantas a thabhairt do na daoine atá imithe ar shlí na fírinne, nó iadsan atá tinn, nó as baile nó ag streachailt faoi láthair de bharr na paindéime. Cuimhníodh ar na daoine sin agus muid amuigh ag siúl, linn féin nó leis an teaghlach ar 8 Samhain. Rinneadh taifead i nGaeilge ar na cuimhní a bhí againn orthu freisin ar an mballa fíorúil cuimhneacháin.

— Majella Ní Chríocháin, OPT na Ceathrún Rua

‘Tá ríméad ar Athletics Ireland a bheith ag obair i gcomhar leis na hoifigigh pleanála teanga ar an ócáid seo. Tabharfaidh sé deis do mhuintir na Gaeltachta páirt a ghlacadh sa Rith Cuimhneacháin ina gceantair féin agus cuireann muid fáilte mhór rompu.’

— Barry Pender ó Athletics Ireland ag tagairt don chomhpháirtíocht leis na hOifigigh Pleanála Teanga.