Múrmhaisiú Nua nochtaithe ag Club Óige Mhaigh Cuilinn

9 Meán Fómhair, 2021

nóiméad léite

Two women standing outside a new mural
Pauline Maher (Coiste Bailte Slachtmhara Mhaigh Cuilinn, ar chlé) agus Ándrea Tighe (Oifigeach Pleanála Teanga Mhaigh Cuilinn, ar dheis) in aice leis an múrmhaisiú nua.

Tá go leor cainte le cloisteáil i Maigh Cuilinn faoi láthair faoi mhúrmhaisiú álainn a nochtadh sa bhaile ag tús mhí Mheán Fómhair 2021. Le linn an tsamhraidh, tháinig déagóirí an cheantair le chéile le dul ag obair, i gcomhar leis an ealaíontóir áitiúil Eglete Lydon, ar mhúrmhaisiú álainn, geal, dearfach a d’ardódh croí an phobail le linn thréimhse dhúshlánach na paindéime.

Tá na feithidí agus na plandaí atá sa mhúrmhaisiú le feiceáil go forleathan sna coillte agus ar na sléibhte timpeall an bhaile agus feictear ann chomh maith Droichead an Chladaigh, droichead álainn atá ina chuid thábhachtach de stair Mhaigh Cuilinn.

Tá an Club Óige agus Eglete Lydon an-bhuíoch as an tacaíocht a fuair siad ó Ghaeilge Mhaigh Cuilinn, ó Choiste Bailte Slachtmara Mhaigh Cuilinn agus ó thuismitheoirí na ndéagóirí agus iad i mbun na hoibre seo.