#CeannaighsaGhaeltacht

Feachtas seolta chun tacú le gnólachtaí na Gaeltachta le linn na Nollag

24 Meitheamh, 2021

nóiméad léite

Seomra Polaireacht Coolavig, meirge Múscraí

Sheol na hOifigigh Pleanála Teanga feachtas úrnua dar teideal ‘Stuif na Nollag’ leis an haisbhlib #CeannaighSaGhaeltacht i mí na Nollag 2020. Ba í aidhm an fheachtais pobal na Gaeltachta i gcoitinne agus níos faide ó bhaile a mhealladh i dtreo gnólachtaí agus táirgí Gaeltachta le linn thréimhse na Nollag. Tugadh deis ar leith do ghnólachtaí fud fad na Gaeltachta poiblíocht i nGaeilge a dhéanamh ar a gcuid táirgí agus ar a gcuid seirbhísí ina gceantair áitiúla féin agus go náisiúnta ar mheáin shóisialta na LPT. Ní hamháin sin, ach ba bhealach éifeachtach é leis an gcomhghuaillíocht idir an pobal agus lucht trádála na Gaeltachta a neartú agus an luach ar leith a bhaineann leis an bpoiblíocht i nGaeilge do na gnólachtaí go léir a léiriú.

“Bhí tionchar ar dóigh ag feachtas #ceannaighsaGhaeltacht ar mo ghnó, lean cuid mhór daoine úra mó leathanach Facebook, fuair mé léir ordaithe mar gheall air, bhí mé ar chúpla clár raidió agus ar na meáin sosialta mar gheall ar an fheachtas agus fuair mé tuilleadh deiseanna poiblíochta ó shoin.”

—Aindriú Ó Cearbhaill, caoladóir & úinéir gnó i Ráth Chairn

‘Ba í an aidhm a bhí leis ná tacú le gnólachtaí na Gaeltachta pobal níos leithne a mhealladh ina dtreo. Is minic a bhíonn ar na gnónna áitiúla bheith in iomaíocht leis na comhlachtaí móra aitheanta ar líne agus thug an feachtas seo an deis do phobail na Gaeltachta tacú le chéile agus iad i mbun a gcuid siopadóireachta don Nollaig. Ba iontach an deis é do mhuintir na Gaeltachta tacú lena chéile le linn an am deacair seo agus ar ndóigh bhí féiríní gleoite le fáil’.

—Liadh Ní Riadh, OPT Mhúscraí

An comhlacht Tábla i Múscraí
Seomra Polaireacht Coolavig, Múscraí