gteic@Uíbh Ráthach
MapSpásanna Oibre Nua-Aimseartha ar Imeall an Atlantaigh
Is ionad digiteach den chéad scoth é gteic @ Uíbh Ráthach i mBaile an Sceilg, le radharcanna áille amach ar Bhá na Scealg. Tá spásanna oibre solúbtha agus seirbhísí iomlána oifige ar fáil sa gteic seo atá i gcroílár na Gaeltachta. Beidh an áit seo oiriúnach duit pé acu an bhfuil tú ag obair go cianda, ag fás do ghnó, ar saoire sa cheantar, ag obair leat féin mar chruthaitheoir, nó ag smaoineamh ar fhilleadh abhaile go fadtéarmach.
Tá deasca sealaíochta anseo againn agus leathanbhanda ardluais. Cuirimid oiliúint ghnó ar fáil chomh maith. Tacaíonn gteic @ Uíbh Ráthach le cur chuige nua oibre – áit ina mbeidh cothromaíocht le fáil idir do ghairm bheatha agus do shaol pearsanta.
Is féidir deasc a chur in áirithe tríd an nasc thíos chuig ár bpróifíl Connected Hubs:
https://connectedhubs.ie/hubs/profile/140
Is cuma cén cur chuige oibre atá agat, tá spás againn a oireann do do riachtanais:
Compord, feidhmiúlacht, agus solúbthacht na haidhmeanna a bhí againn agus sinn ag dearadh an gteic seo – ionas go mbeadh saoirse agat oibriú ar do shlí féin.
Ní hamháin gur áit shuaimhneach é gteic @ Uíbh Ráthach ach is áit áisiúil é chomh maith – nílimid ach 200m ó áiseanna áitiúla; oifig an phoist, siopa, deilí, agus stáisiún breosla.
Má tá tú ag smaoineamh ar fhilleadh ar an gceantar nó stíl mhaireachtála oibre níos sásúla a bheith agat, cabhróidh gteic @ Uíbh Ráthach leat é sin a bhaint amach. Bíonn dúshlán ann d’oibrithe cianda spás gairmiúil a aimsiú i gceantar tuaithe ina bhfuil áiseanna gur féidir brath orthu. Réiteach na faidhbe sin ná gteic @ Uíbh Ráthach.
Beidh tú mar chuid de phobal bríomhar, cruthaitheach ina bhfuil an Ghaeilge agus an cultúr beo, ina bhfuil deiseanna tacaíochta gnó agus oiliúna ar fáil ann, agus ina bhfuil áilleacht nádúrtha Bhá na Scealg cúpla céim ó do dheasc.
Más ag surfáil ar an Atlantach roimh bhricfeasta atá tú, ag siúl ar an trá ag am lóin, nó ag líonrú le daoine gairmiúla eile le cupán caife, seo é an chothromaíocht oibre agus saoil mar ba chóir di a bheith.
Tuigimid i gteic @ Uíbh Ráthach go bhfuil idirlíon iontaofa, ardluais riachtanach don obair sa lá atá inniu ann – agus tá infheistíocht déanta againn in infreastruchtúr den scoth chun tú a choimeád ar líne gan bhriseadh.
Más ar ghlao Zoom le cliant atá tú, nó ag seoladh táirge digiteach, nó ag comhoibriú le do fhoireann go cianda, tugann gteic @ Uíbh Ráthach an nascacht agus an suaimhneas intinne duit chun obair ar an gcaighdeán is fearr a dhéanamh.
Is tionscnamh de chuid Údarás na Gaeltachta é gteic @ Uíbh Ráthach, agus cuireann sé réimse leathan tacaíochtaí gnó ar fáil do dhaoine trí eagraíochtaí mar LEO, LEADER, Teagasc, Fiontraíocht Éireann agus eile. Cuirtear cláracha oiliúna agus imeachtaí rialta ar siúl a chruthaíonn deiseanna breise le haghaidh fáis, nuálaíochta, agus comhoibrithe.
Tá deasca sealaíochta ar fáil don té a bheidh anseo ar feadh cúpla lá sa tseachtain nó tá spásanna fadtéarmacha ann do dhuine atá ag fás a ghnó; táimid anseo chun cabhrú leat socrú isteach.
Déan teagmháil linn inniu le fiosrú faoi na spásanna atá ar fáil.
San áireamh sa phraghas tá:
Bun chostas | CBL san áireamh | |
Desk for one day | 16.26 | 20.00 |
Dedicated Desk for one week | 40.65 | 50.00 |
10 day Hot Desk over 2 months | 97.56 | 120.00 |
Dedicated desk for one month | 162.60 | 200.00 |
Meeting room for up to 4 people/hr | 8.13 | 10.00 |
Meeting room for up to 4 people/day | 56.91 | 70.00 |
Meeting room for up to 8 people/hr | 12.20 | 15.00 |
Meeting room for up to 8 people/day | 73.17 | 90.00 |
Ríomhphost: c.breathnach@udaras.ie