gteic@ Na Dúnaibh

gteic@Na Dúnaibh,
Áras Ros Goill,
Na Dúnaibh,
Co. Dhún na nGall.
F92 RX8C

Map
  • Deasc shealaíochta
  • Spás oibre comhionaid
  • Aonaid ghorlainne
  • Spás oifige príobháidí
  • Timpeallacht oibre slán
  • Rátaí cíosa iomaíocha
  • Cumas leathanbhanda 1000MBps
  • Wifi ardluais
  • Seomra comhdhála
  • Áiseanna físchomhdhála
  • Spásanna cruinnithe/oiliúna
  • Páirceáil fhairsing
  • Braisle fiontair bhríomhar
  • Spás roinnte do sholáistí & áiseanna ar leithligh

Tá gteic@Na Dúnaibh lonnaithe sna Dúnaibh i nGaeltacht Dhún na nGall in iarthuaisceart na hÉireann. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn. Tá gteic@Na Dúnaibh ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.

Cad é féin?

Más ríomhoibrí, forbróir coincheapa, cumadóir, comhlacht nua-bhunaithe, scálaithe nó meánmhéide tú, is féidir ár spásanna lánfheistithe a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go héasca.

Déan iarratas ar do dheasc d’obair chomhionaid

Glac ballraíocht i bpobal gteic agus cur deasc d’obair chomhionaid fhadtréimhseach in áirithe
*Conradh 3 mhí ar a laghad

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le NaDunaibh@gteic.ie

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc thiomnaithe (Luan – Aoine, 9am – 5pm),
  • Spás oibre atá lonnaithe i dtimpeallacht oibre slán,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh gnó,
  • Táillí fóntais san áireamh sa ráta,
  • Rochtain lascainithe ar áiseanna físchomhdhála, cruinnithe & traenála,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Rochtain ar sheirbhísí meantóireachta agus tacaíochta Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain fiche ceathair uair an chloig seacht lá na seachtaine,
  • Seomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Spás Oifige Príobháidí

Bunaigh do ghnó i gteic agus bain leas as áis chruthaitheach agus bhríomhar.
Rátaí cíosa iomaíocha agus socruithe léasaithe solúbtha ar iarratas.
*Tá coinníollacha conartha 24 mí ar a laghad i bhfeidhm do gach iarratasóir.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le NaDunaibh@gteic.ie

San áireamh sa phraghas tá:

  • Spás oifige tiomnaithe lánfheistithe & le seirbhísí,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Aonaid ghorlainne atá idir 16m2 agus 205m2 i méid,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh gnó,
  • Rochtain lascainithe ar áiseanna físchomhdhála, cruinnithe & traenála,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Tacaíocht ghnó ó Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain 24/7,
  • Fáil ar sheomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,
  • Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Láthair

Tá gteic@Na Dúnaibh lonnaithe in Áras Ros Goill i gcroílár cheantar álainn na nDúnaibh agus é ag cur seirbhísí oifige agus spásanna comhionaid ar fáil do thuaisceart Ghaeltacht Dhún na nGall.  Tá 10 spás oibre idir spásanna comhionaid agus oifige sa gteic.  Tá an mol ag cur tacaíochta ar fáil le tamall anuas don diaspóra áitiúil, iad á mhealladh ar ais go dtí an ceantar agus á socrú suas mar chianoibrithe.

 

Teagmháil

Ríomhphost: info@mevaghfrc.com

Glaoigh ar Leona McMenamin0749155055