gteic@ Corca Dhuibhne

gteic@Corca Dhuibhne,
Corca Dhuibhne,
Co. Chiarraí.

Map
  • Deasc shealaíochta
  • Spás oibre comhionaid
  • Aonaid ghorlainne
  • Timpeallacht oibre slán
  • Rátaí cíosa iomaíocha
  • Cumas leathanbhanda 1000MBps
  • Wifi ardluais
  • Seomra comhdhála
  • Áiseanna físchomhdhála
  • Spásanna cruinnithe/oiliúna
  • Páirceáil fhairsing
  • Braisle fiontair bhríomhar
  • Spás roinnte do sholáistí & áiseanna ar leithligh

Tá gteic@Corca Dhuibhne lonnaithe ar leithinis Chorca Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí i ndeisceart na hÉireann. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn. Tá gteic@Corca Dhuibhne ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.

Cad é féin?

Más ríomhoibrí, forbróir coincheapa, cumadóir, comhlacht nua-bhunaithe, scálaithe nó comhlacht meánmhéide tú, is féidir ár spásanna lánfheistithe a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go héasca.

Deasc shealaíochta (beir leat do ríomhaire féin)

An bhfuil timpeallacht oibre uait atá solúbtha/nua-aimseartha agus nuálach? Is féidir leat Deasc Shealaíochta aon lae a chur in áirithe ag gteic@Corca Dhuibhne.

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le CorcaDhuibhne@gteic.ie

Tabhair d’aire:

  • Caithfidh úsáideoirí a ríomhairí féin a thabhairt leo,
  • Is féidir áirithintí a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le CorcaDhuibhne@gteic.ie

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc (Luan-Aoine, 9am – 5pm),
  • Rochtain WiFi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Spás oibre atá lonnaithe i dtimpeallacht slán oibre.

Déan iarratas ar do dheasc d’obair chomhionaid

Glac ballraíocht i bpobal gteic agus cur deasc d’obair chomhionaid fhadtréimhseach in áirithe
*Conradh 3 mhí ar a laghad

Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le CorcaDhuibhne@gteic.ie

San áireamh sa phraghas tá:

  • Deasc thiomnaithe,
  • Rochtain Wifi ardluais,
  • Suas le 1000MBps nascacht líne fhosaithe x 2 phort,
  • Fáil ar áit ar leithligh/spás sólaistí atá fairsing agus lánfheistithe,
  • Fáil ar an áis le fáinne eochrach slán,
  • Seoladh Gnó,
  • Táillí fóntais san áireamh sa ráta,
  • Fáil ar cheardlanna & gníomhaíochtaí,
  • Rochtain ar sheirbhísí meantóireachta agus tacaíochta Údarás na Gaeltachta,
  • Rochtain fiche ceathair uair an chloig seacht lá na seachtaine,
  • Seomraí ar leithligh do chruinnithe príobháideacha,

Ball de phobal digiteach bríomhar agus gníomhach gteic.

Láthair

Lonnaithe ar Páirc Ghnó an Daingin ar imeall Dhaingean Uí Chúis atá gteic@Corca Dhuibhe atá 129 méadar cearnach le 18 spás comhionaid le hoifigí le leathanbhanda gigabit agus áit faoi leith do dhaoine atá ag iarraidh cur fúthu agus oibriú sa Ríocht.  Tá an mol in aon áit le hoifigí Údarás na Gaeltachta agus cliantchomhlachtaí ag cruthú deiseanna líonraithe i ngach earnáil.

Teagmháil