gteic@Carraig Airt
Príomhshráid
Carraig Airt
Co. Dhún na nGall
Tá gteic@Carraig Airt lonnaithe i mbaile Charraig Airt i nGaeltacht Dhún na nGall in iarthuaisceart na hÉireann. Is mol nuálaíochta & digiteach den chineál is nua-aimseartha é, áit ina mbeidh cultúr uathúil na Gaeltachta ag cur cruthaitheachta agus nuálaíochta chun cinn. Tá gteic@Carraig Airt ina chuid de gteic Gréasán Digiteach na Gaeltachta agus mar chuid d’éiceachóras digiteach atá ag dul i méid, áit ina mbeidh moil i 31 láthair Ghaeltachta ar fud na tíre nuair a bheidh an togra tugtha chun críche.
Cad é féin?
Más ríomhoibrí, forbróir coincheapa, cumadóir, comhlacht nua-bhunaithe, scálaithe nó comhlacht meánmhéide tú, is féidir ár spásanna lánfheistithe a chur in oiriúint do do chuid riachtanas go héasca.
Glac ballraíocht i bpobal gteic agus cur deasc d’obair chomhionaid fhadtréimhseach in áirithe.
*Conradh 3 mhí ar a laghad
Praghsanna iomaíocha ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le carraigairt@gteic.ie
San áireamh sa phraghas tá:
Ríomhphost: carraigairt@gteic.ie