ST3ER

Tá Údarás na Gaeltachta ina phríomhpháirtí agus ina chomhordaitheoir ar ST3ER (Scaling Twin Transition in Tourism by harnessing the Experience Economy for greater Resilience), clár forbartha chun tacú le gnóthaí turasóireachta a bheidh á fheidhmiú i gcomhar le páirtnéirí eile Eorpacha.

Tá sé mar aidhm ag an togra seo feabhas a chur ar iomaíochas comhlachtaí turasóireachta, a gcumais daonna a fhorbairt agus a n-aistriú glas agus digiteach a éascú. Tacóidh an clár le forbairt agus méadú comhlachtaí turasóireachta, agus cothóidh sé a nuálaíocht trí mhalartú dea-shamplaí agus trí ócáidí aistrithe eolais a eagrú.

Tá an clár seo á mhaoiniú faoi chlár European Innovation Council and SMEs Executive Agency (EISMEA) de chuid an Aontais Eorpaigh.

 

Rithfidh an togra ó Mhí Mhéan Fómhair 2023 go dtí Mí Lúnasa 2026 agus tá buiséad de €3.26 milliún aige.

Páirteach sa togra tá WestBIC, agus páirtnéirí ón Spáinn, ón Slovéin, ón bPortaingéil agus ón nDánmhairg.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin dtogra ó Fhionnán Ó hÓgáin, Bainisteoir Togra ST3ER, Údarás na Gaeltachta ag foh@udaras.ie