SAtComm

Tá Údarás na Gaeltachta i gcomhar le comhpháirtithe Eorpacha eile, páirteach i dtionscadal SAtComm (Sustainable Atlantic Communities), clár a chuirfidh le cumas Phobail Fuinnimh smacht a fháil ar a bpróifílí fuinnimh agus a bheith ina dtáirgeoirí is tomhaltóirí trí theicneolaíochtaí a chur i bhfeidhm chun fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú laistigh dá gceantar agus a n-inbhuanaitheacht a uasmhéadú.

Tá an clár seo comhmhaoinithe ag Interreg Europe tríd an gclár Limistéar an Atlantaigh.

Ritheann an togra ó mhí na Nollag 2023 go dtí mí na Samhna 2026 agus tá buiséad de €3.21 milliún aige.

Tá an tionscadal á chomhordú ag an Walton Institute in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU), agus tá 11 pháirtithe Eorpacha ann ón bhFhrainc, an Phortaingéil, an Spáinn, agus Éire a chumascann ceannairí teicneolaíochta in earnálacha FBM agus Taighde & Forbartha le comhlachtaí poiblí.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh an togra: https://satcommproject.eu/