GLOW

Tríd an togra GLOW2.0, tá muid ag neartú pobail agus comhlachtaí beaga agus meánmhéide in Éirinn, an Íoslainn, an Ioruaidh agus an Fhionlainn ar bhealach inmharthana, agus tá muid ag cruthú deiseanna lena gcumas iomaíochta a mhéadú.

 

Tugann GLOW2.0 tacaíocht do ghnólachtaí agus eagraíochtaí pobail le forbairt a dhéanamh ar thurasóireacht le linn míonna dorcha an gheimhridh. Déanfar é seo trí úsáid a bhaint as tomtheicneolaíochtaí i ngnólachtaí agus forbairt ar bhealaigh nua comh-oibríochtúla a chuireann fócas ar leith ar an spéir dhorcha san oíche. Beidh na gnéithe nua seo fite isteach sna straitéisí turasóireachta atá againn cheana fhéin agus sna réitigh digiteacha atá againn don oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha. Tá sé mar aidhm againn cur ar chumas ghnólachtaí dul i bhfeidhm ar réimse níos leithne spriocghrúpaí. Cuireann sé seo ar chumas comhlachtaí a gcuid múnlaí féin a chur i bhfearas don fhorbairt inmharthana.

 

Beidh muid ag obair i dtrí réimse ar leith:

  1. Ag méadú cumas ghnólachtaí beaga agus meánmhéide táirge turasóireachta na spéire dorcha a chruthú, a chur ar fháil agus margaíocht agus bolscaireacht a dhéanamh air; ag tabhairt eolais do ghnólachtaí ar thomtheicneolaíochtaí (AR, VR
  2. Forbairt theicneolaíochta ar Plainéadariam fíorúil, grianghrafadóireacht 360-céim agus aipeanna do staidéar réalta a d’fhéadfaí a roinnt agus a chur in oiriúint trasna an réigiúin
  3. Creidiúnacht agus bolscaireacht a dhéanamh ar thurasóireacht Spéire Dorcha mar tháirge réigiúnach trasna an limistéir NPA, trínar féidir freisin cosaint a dhéanamh ar na hacmhainní nádúrtha.

 

Déanfar na torthaí a shníomh isteach sna straitéisí turasóireachta atá ann cheana fhéin agus sna tairiscintí a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha. Cuirfidh siad seo ar chumas na bhfiontraíochtaí a gcuid múnlaí glasa gnó féin a fhorbairt. Ta gnólachtaí glasa in ann fás go heacnamúil agus laghdú a dhéanamh ar úsáid acmhainní. Beidh tairiscint turasóireachta níos tarraingtí ag na réigiúin agus beidh sé seo amhlaidh trasna an NPA.

Tá an Clár don Fhorimeall ó Thuaidh agus an tArtach ag déanamh maoiniú trí bliana ar GLOW2.0 – Togra Forbartha Teicneolaíochtaí Glasa do fhás na turasóireachta ó 2022-2025

 

Buiséad Iomlán: €1,798,328.64

Maoiniú ERDF: €1,366,645.00

 

Is iad Karelia UAS ceannaire an togra mar phríomhpháirtnéir agus is iad PLAKY – Cónaidhm Bhardais Thuaisceart na Laplainne as an bhFionlainn, UiT The Arctic University of NorwaySSNSV – Federation of Regional Authorities NW IcelandWestBIC agus Údarás na Gaeltachta na páirtnéirí eile sa gcomhfhiontar seo.

Courtesy Mayo Dark Sky Park