Méid agus Ráta an Deontais
Faoin Scéim Trádála ar Líne íoctar uasmhéid deontais suas le €2,500, nó 50% de chaiteachas incháilithe, gan CBL san áireamh, cibé acu is lú, le gnóthaí incháilithe chun a gcumas trádála ‘ar líne’ a fhorbairt agus a threisiú.*
Critéir Incháilithe
Tá an scéim seo dírithe ar fhiontair:
- ina bhfuil suas le deichniúr fostaithe, atá lonnaithe sa nGaeltacht,
- atá i mbun gnó le 6 mhí anuas ar a laghad,
- Le láimhdeachas níos lú ná €2m sa bhliain acu, agus
- Gur mian leo suíomh idirlín ríomhthráchtála (seachas suíomh margaíochta) a fhorbairt / a uasghrádú
Céard le haghaidh ar féidir an deontas a úsáid?
- Sain-chomhairliúchán Faisnéise Teicneolaíochta (TF);
- Láithreán gréasáin ríomhthráchtála a fhorbairt nó a uasghrádú;
- Íocaíochtaí nó córais áirithinte ar líne a chur i bhfeidhm;
- Bogearraí a bhaineann leis an Idirlíon a cheannach;
- Fógraíocht ar líne a cheannach (nótaigh nach féidir an ceannachán seo a bheith níos mó ná 30% de chostas na ndeontas atá ceadaithe agus ní féidir iad a éileamh ach i dtréimhse íocaíochta amháin);
- Aip (nó leathanaigh gréasáin ilardán) a fhorbairt;
- Straitéis mhargaíochta dhigiteach a fhorbairt;
- Straitéis mhargaíochta dhigiteach a chur i bhfeidhm;
- Oiliúint/forbairt scileanna a bhaineann go háirithe le gníomhaíocht trádála ar líne a bhunú agus a bhainistiú.
Meastóireacht
Is ar bhunús na gcritéir seo a dhéanfar na hiarratais a mheas:
- Cumas breisluacha
- Cumas onnmhairithe/easpórtála
- Cumas cruthú fostaíochta
- Inmharthanacht Airgeadais
Earnálacha-incháilithe don scéim
Tá réimse leathan earnálacha gnó incháilithe don scéim. Tá réimsí áirithe neamh-incháilithe áfach ar a n-áirítear:
- Iompar Aeir
- Déantús earraí leictreonacha
- Eolais Teicneolaíochta agus Foilseacháin
- Gnóthaí Airgeadais agus Árachais
- Gnóthaí Oideachais*
- Gnóthaí Ealaíona*
- Gnóthaí le Stadas Carthanachta*
*Glacfar le hiarratais, ar bhonn eisceachtúil i scéim 2023, ó ghnóthaí Gaeltachta in earnáil an oideachais, oiliúna pobail, oiliúna teangabhunaithe agus gnóthaí ealaíon Gaeltachta ó tharla iad a bheith lárnach i gclár oibre forbartha Údarás na Gaeltachta.
Glacfar le hiarratais, ar bhonn eisceachtúil i scéim 2023, ó fhiontair shóisialta Ghaeltachta agus ó ghnóthaí ón earnáil fhorbartha pobail Ghaeltachta (iad siúd le stadas carthanachta san áireamh) fhad agus go bhfuil bunús tráchtála leis an iarratas.
Deán teagmháil le hOifig an Údaráis i do cheantar le do thoil le hincháiltheacht a chinntiú sula gcuirfear iarratas isteach.
Caiteachas nach féidir an deontas a úsáid len aghaidh
- Láithreáin ghréasáin bróisiúir a fhorbairt (is ionann láithreán gréasáin bróisiúir agus láithreán gréasáin nach bhfuil táirgí nó seirbhísí á ndíol air agus / nó nach bhfuil feidhm íocaíochta / cur in áirithe air);
- Bogearraí nach bhfuil dlúth-cheangailte le forbairt idirlín nó forbairt acmhainne ‘trádáil ar líne’;
- Caiteachas nach gníomhaíocht a bhaineann le trádáil ar líne é.
Eolas maidir le riaradh na Scéime
- Ní ghlacfar le haon mhír caiteachais atá déanta roimh an gcead ar chúnaimh deontais a bheith aontaithe. Is i scríbhinn a dheimhníonn Údarás na Gaeltachta ceadú na Scéime don iarratasóir atá i gceist. Ní foláir d’iarratasóirí litir thairisceana sínithe a sheoladh ar ais.
- Ní caiteachas incháilithe é am an phríomhaí / na bpríomhaithe féin.
- Ní chuirfear san áireamh ach costais na soláthraithe tríú páirtí a roghnaíodh agus a bhí luaite san iarratas.
- Caithfidh sonraí cearta gnó a bheith ar shonraisc tríú páirtí/soláthraí (m.sh Sonraí Cláraithe Cánach nó Gnó nó fianaise gur gnó cláraithe é an soláthraí san áit ina bhfuil sé lonnaithe).
- Ba cheart gach cáipéis thacaíochta a bhaineann le hábhar a bheith i dteannta na foirme iarratais:
- Cóip de na meastacháin soláthraithe agus mioneolas ar an obair atá le déanamh agus an costas a bhaineann léi;
- Fianaise ar fhad na trádála más gnó neamhchláraithe atá i gceist nó más trádálaí aonair atá san iarratasóir;
- Má theipeann ar iarratasóir cáipéisí tacaíochta a chur ar fáil, d’fhéadfaí go ndiúltófaí don iarratas.
- Níor cheart d’iarratasóirí ach éileamh ar íocaíocht amháin a leagan isteach ag deireadh an tionscadail.
- Ba cheart d’iarratasóirí an páipéarachas ábhartha ar fad a choimeád le linn an tionscadail chun cabhrú leo féin a n-éileamh a phróiseáil faoi dheireadh an tionscadail, lena n-áirítear: Deimhniú Imréitigh Cánach an Iarratasóra, Bunsonraisc ón Soláthraí, Cruthúnas gur íocadh an soláthraí, agus cruthúnas go bhfuil an obair ar fad curtha i gcrích sula ndéantar éileamh.
Foirm-Iarratais-Scéim-Trádála-Ar-Líne
Seol an foirm iarratais comhlíonta chuig tradala@udaras.ie