Scéim d’Forbairt Scileanna Margaíochta

Tá sé mar aidhm ag an scéim seo scileanna taighde margaíochta a fhorbairt d’fhiontair bheaga agus mhéanmhéide trí thacaíocht a chur ar fáil dóibh maidir le costais inmheánacha a bhaineann le taighde ar mhargaí nua i gcomhair táirgí agus seirbhísí. Clúdaítear costais phá don fhoireann atá ag obair ar an gclár margaíochta, costais taistil agus liúntas cothaithe i gcomhair na foirne céanna agus costais inmheánacha maidir le trialacha margaíochta do tháirgí/sheirbhísí ar mhargaí nua.

Tá an tacaíocht seo ar fáil faoin riail De Minimis.

Íoslódáil foirm iarratais

Faoi riail de Minimis

Foráil ar leith de chuid an Aontais Eorpaigh atá sa riail de Minimis faoina dtugtar cead rialacha cúnaimh stáit a shárú faoi réir nach sáraíonn an cúnamh iomlán faoin riail d’aon iarratasóir ar leith, cibé eagraíochtaí stáit óna dtagann an cúnamh, €300,000 in aon tréimhse 3 bliana airgeadais.

Baineann seo le fiontraíochtaí atá lasmuigh d’earnálacha ar nós na talmhaíochta agus na hiascaireachta.

Chun deontas a mholadh faoin riail caithfear é a mholadh faoi cheann nó níos mó de na scéimeanna atá ceadaithe don Údarás a fheidhmiú ach a lua go bhfuil sé á mholadh faoin riail de Minimis agus ag cloí leis na coinníollacha agus próiseas atá leagtha síos do.

▪️ Iascaireacht agus Uisceshaothrú: Tá uasteorainn an chúnaimh in Éirinn socraithe ag €30,000 in aghaidh na gníomhaíochta thar thréimhse trí bliana. Tá uasteorainn €40,000 ann ag leibhéal an AE, áfach, tá sé faoi réir bunú clár náisiúnta lárnach ag an mBallstát.

▪️ Talmhaíocht: Tá cúnamh go sonrach do bhuntáirgeadh talmhaíochta in Éirinn teoranta ag €20,000 in aghaidh na gníomhaíochta thar thréimhse trí bliana. Tá an teorainn seo socraithe ag €25,000 do Bhallstáit a bhfuil clár lárnach acu.