Scéim Deontas Oiliúna

Bíonn scileanna agus saineolas nua ag teastáil nuair a bhíonn gnó ag leathnú nó ag éagsúlú. Tríd an deontas oiliúna, cuireann Údarás na Gaeltachta tacaíocht ar fáil do chláir oiliúna a chuireann oiliúint agus athoiliúint i réimsí nua ar fáil d’fhostaithe.

Íoctar an costas a bhaineann le hoiliúnóirí; costais taistil; ábhair/soláthairtí; treoir agus comhairleoireacht; tuarastail teagascóirí, taobh istigh de theorainn áirithe. Braitheann an méid a híoctar ar nádúr na hoiliúna, sé sin, an oiliúint shonrach í don phost sin amháin nó an oiliúint ghinearálta í a d’fhéadfaí a úsáid i bhfostaíocht eile.

Tuilleadh eolas