Scéim Deontas Fostaíochta

Is féidir deontas i gcoinne costas infheistíochta chéad uaire a íoc freisin i bhfoirm deontas fostaíochta. Bunaítear leibhéal an chúnaimh ar chostais phá mheasta na bpost nua a chruthaítear thar an gcéad dá bhliain de thoradh na hinfheistíochta.

Is féidir deontas fostaíochta a íoc i leith post páirtaimseartha nó lánaimseartha agus braitheann méid an deontais ar leibhéal scil na bpost agus a thionchar sin ar thuarastal na foirne.Tá tionchar ar suíomh geografach an tionscadail ar an méid cúnaimh iníoctha.

Íoctar leath an deontais nuair a chuirtear an post ar bun agus is iondúil go n-íoctar an t-iarmhéid nuair a bhíonn an post bunaithe ar feadh tréimhse nach lú ná sé mhí.

Íoslódáil foirm iarratais